CUAIRT 3/5 LÁ AR GHAELTACHT NA RINNE
     3 to 5 Day Visits to An Rinn 
Google Web This Site

(A) 3 Lá (Céadaoin – Aoine) €165
(B) 5 Lá (Luan - Aoine) €270

Foirmeacha Iarratais

Cluichí / Caitheamh Aimsire

Tá seantaithí ag muintir an Choláiste a bheith ag eagrú cluichí agus caitheamh aimsire do scoláirí san aois-ghrúpa seo. Bíonn tabhacht ar leith ag baint le gach duine bheith ag glacadh páirt agus ag foghlaim.

Cluichí Laistigh

Leadóg Bhoird, Ficheall, Táiplís, Cluichí Boird, Dúshlán Mór i gcluichí éagsúla, Rásanna Relay, Cúrsa Constacaí, Aclaíocht Coirp, Uni-hoc, Tug o'war, Pool, Cártaí, Dodgeball, Peil faoi dhíon. Céilí, Claisceadail, Dioscó Ghaelach, Bingo, Coirm Cheoil, Tráth na gCeist, Cluichí neamhfhoirmeálta, Blitz, Ealaín, Ceol.

Cluichí Lasmuigh

Cispheil, Eitpheil, Corr, Rith Foirne, Iománaíocht, Peil Ghaelach, Sacair, Caith agus Cur, Crazy Gailf, Rás na gConstaí (Cúrsa), Cúrsa Carting, Leadóg, Scuais, Rásanna Foirne, Tug o'war, Tip Rugbaí, Tóir na Stór agus cluichí neamhfhoirmeálta.

  • Níl ‘na Lá
  • Téir Abhaile ‘Riú
  • Péigín Litir Móir
  • Amhráin na bhFiann
  • Tír na nÓg
  • Trasna na dTonnta
  • Oro ‘sé do Bheatha Abhaile

Siúlóidí i nGaeltacht na Rinne:

Meitheal Mara na Rinne Teo.
Bíonn díol agus ceannach idir lámha anseo nuair a thagann na báid abhaile le héisc.

Criostal na Rinne
Gloine atá géarrtha sa Rinn ag saineolaí gloine.

Oisrí na Rinne
Beidh deis ag scoláirí saol ré agus margadh na n-oisirí a thuiscint.

Bád Tárrthála
Cabhair an-mhór do mhuintir na Gaeltachta bád tarrthála a bheith ann in uair na práinne.

Erins Hope
Tháinig na Finníní i dtír anseo i 1867 - eachtra i stair na Gaeltachta é seo.

Cé Heilbhic
Féach na báid atá ag lucht iascaireachta sa Rinn.

An Coinnigéar
Siúlóid a thugann deis do scoláirí aithne a chur ar saol cois cósta.

Séipéal na Rinne
Tá daoine ag freastal ar Aifreann anseo le beagnach 200 bliain

Clár an Lae (go garbh)

07.45: Éirí
08.25: Paidreacha na maidne
08.30: Bricfeasta
09.30: Turas / Ranganna
13.00: Lón
14.00: Ranganna / Turas / Siúlóidí
15.30: Am Saor
16.00: Cluichí / Caitheamh Aimsire
18.00: Tae
18.30: An Choróin Mhuire
19.00: Siúlóid Cois Trá agus Seanachas
20.00: Cluichí
20.50: Suipéar
21.00: Suanliosanna
21.30: Soilse Múchta

Nótaí

  1. Bíonn Banaltra ar glaoch an t-am ar fad.
  2. Is beag Airgead Póca a bheidh ag teastáil ag an scoláire.
  3. Lóistín sa suanlios atá i gceist - tabhair mála codhlata leat.
  4. Beidh ar gach scoláire bheith an-chúramach mar gheall ar rialacha suanliosa.
  5. Beidh siopa an Choláiste oscailte uair amháin sa ló.
  6. Beidh ceithre bhéile in aghaidh an lae ann - Bricfeast, Lón, Tae agus Suipéar.
  7. Eagrófar imeachtaí do réir clár imeachta an lae sa Choláiste.
  8. Tá seantaithí agus eolas ag muintir an Choláiste ar na himeachtaí uile.
  9. Is féidir le tuismitheoirí teangmháil a dhéanamh le scoláire anseo ar uimhirghutháin ar leith.
  10. Is féidir teangmháil a dhéanamh linn am ar bith.
Turas Bus:

Ard Mhóir
Turas cois cósta le tuiscint a fháil ar thír eolas agus stair na dúiche seo do scoileanna a bhíonn linn ar feadh 5 lá.

Foirm do Scoláirí na Scoile

 

 

home | an coláiste | courses | resources | employment | contact

Coláiste na Rinne
Rinn Ó gCuanach, Dún Garbhán, Co. Phort Láirge, Éire
Guthá
n/Tel: 058 46128 (Oifig) Facs/Fax: 058 46864
E-Phost:
info@anrinn.com

©2008 All Rights Reserved Web Design & Maintenance: Ambit Ireland Internet Services