Coláiste na Rinne publishes books in the Irish language on the history and folklore of the Déise.
The following titles have been published in recent years:
- Michéal Ó Domhnaill, Coláiste na Rinne Geárr-stair (1987)
- Séamus Ó hEochadha, Scéalta Mhicil Uí Mhuirgheasa ón Rinn (1997)
- Nioclás Breatnach, Ar Bóthar Dom (1998)
- Eibhín Bean Uí Curraoin, Fir Mhóra An tSean-Phobail (2002)
- Coláiste na Rinne, Iolscoil na Mumhan 1905, Comóradh Céad Bliain (2005)
Coláiste na Rinne Geárr-stair
'Sé an príomhchuspóir a spreag mé chun na nótaí seo ar Stair an Choláiste a chur le chéile ach chun cuimhne bhunaitheoirí an Cholaiste a bhuanú.' Tá an léireolas a bhí ag an údar ar an gColáiste ríomhtha go cruinn aige sa leabhar so.
Michéal Ó Domhnaill (1910-97) was appointed manager of Coláiste na Rinne in 1959. His chronologically arranged history traces the development of the College from its foundation in 1905. 230 black and white photographs.
Scéalta Mhicil
'Seanchaí den scoth ba ea Micil. Thugadh an Fear Mór isteach sa rang é d'fhonn é bheith ag seanchas leis na scoláirí óga, agus ba leis nárbh leasc. B'áthas le páistí Scoil na Leanaí an lá a mbíodh Micil ina measc, agus is iad a bhaineadh taitneamh as a chuid scéalta. Eagrán nua den scothleabhar so a bhí rófhada as cló.
First published in 1923, Scéalta Mhicil contains twelve stories which Séamus Ó hEochadha collected from the celebrated storyteller Micil Ó Muirgheasa. In addition to the original stories, this new edition contains a biography of Micil, detailed linguistic notes, a chronology of the book's reprintings, a glossary and bibliography, 26 sketches by Pádraig Mac Craith.
Ar Bóthar Dom
Dhá phríomhchuid atá sa leabhar so: dosan aistí ag an údar ag cur síos ar na daoine ar chuaigh sé ag triall orthu, agus ar na heachtraí a bhain dó, agus é i mbun béaloideas a bhailiù ins na Déise 1935-7 Míreanna a roghnaíodh as an mbailiúchán san atá sa tara cuid den leabhar.
Ar Bóthar Dom comprises a selection of items from the vast store of folklore which Nioclás Breatnach collected for the Irish Folklore Commission during the period 1935-7. The collection is preceded by twelve essays in which the author describes some of the people from whom he collected material.
Fir Mhóra An tSean-Phobail
'Paróiste tuaithe istigh i lár na nDéise is ea an Sean-Phobal, a dhrom le sliabh agus a aghaidh le muir.' Do réir an tseanchais, is 'ann a bhí na céad Críostaithe a bhí riamh in Éirinn', agus is é sin fé ndeara an ainm 'Sean-Phobal Dhéagláin', nó 'An Sean-Phobal'.
Na gaiscígh a mhair sa Sean-Phobal sa naoú haois déag, agus a thuill clú agus cáil dóibh féin agus dá muintir, is iad is ábhar do na hocht gcinn de scéalta atá sa leabhar so, a scrigh Eibhlín Bean Uí Churraoin in 1934-5, agus a d'fhoilsigh An Gúm in 1941. Chomh maith leis na bunscéalta, tugtar san eagrán nua so den leabhar cuntas achomair ar stair an pharóiste, ar bheathaisnéis an údair, agus ar chúlra na scéal. Tá nótaí eagarthóireachta agus gramadaí, innéacsanna agus léarscáileanna sa leabhar, maille le ocht gcinn déag de ghrianghrafanna dubh is bán.
Tradition records that Old Parish in Co. Waterford is named from a congregation of pre-Patrician Christians who dwelt there, converts of St Declan, the early Christian teacher of the Decies, and a contemporary of St Patrick.
Eibhlín Bean Uí Churraoin's classic collection of tales about Old Parish heroes who flourished in the nineteenth century was first published by An Gúm in 1941. In addition to the eight original stories, the new edition contains a brief history of Old Parish, a biography of the author, detailed editorial and linguistic notes, indexes and maps. 18 black-and-white photographs.
[Webmaster: Give this a separate section to itself immediately after the Coláiste's own publications, preceded by the covers of volumes 1 to 7 of the journal. Go raibh maith agat.]
Iolscoil na Mumhan, Comóradh Céad Bliain.
An té chaithfeadh meabhair leis na ceithre ráidhteachaisí san thuigfeadh sé a meon súd a leag an bhun-chloch ar an tógadh Iolscoil na Mumhan agus thuigfeadh sé meon súd a chadhnaigh, a chaomhnuigh, a chothaigh a choimhriaraigh í, le céad bliain anuas, fé rath agus séan.
Gan An Rinn agus muinntear na Rinne agus an ghaedhealuinn a thaithid siad, ní speachadh, ní h-eascaradh agus ní ghéagfadh an gráinnín póir san a chuireadh i gcré, san ithir mheith, céad bliain 'gus an taca so agus ní thabharfadh sé toradh uaidh ar foghnamh, amhail a thug.
Tá an comhar san a chuir Muinntir na Rinne ar an Iolscoil casta leotha fé chéad agus ní raibh peaca an tomhais ar an Iolscoil á choimhlíonadh san di. Mara mbeadh réimeas agus reacht na hIolscoile agus a cáil ceathair
áird ar fuaid Éireann agus go críocha imchiana an domhain mhóir i gcéin, ba thearc í teist na Rinne inniu, an dá mhíle agus a cúig, go beacht de aois an Tighearna.
Foilseacháin Déiseacha eile /Associated publications
An Linn Bhuí 1-8 (1997-2004)
Is chun altanna as Gaeilge ar ghnéithe éagsúla de shaol agus de shaíocht na nDéise a fhoilsiú a bunaíodh An Linn Bhuí: Iris Ghaeltacht na nDéise i 1997, iris a fhoilsítear ag Leabhair na Linne, agus a chuirtear in eagar ag Pádraig Ó Macháin agus Aoibheann Nic Dhonnchadha.
Foilsíodh an t-ochtú imleabhar di i mbliana. Ceithre cinn déag de altanna atá inti, aistí beathaisnéise agus filíochta, aistí ar chúrsaí reatha, ar thírdhreach na nDéise, ar eagrais phobail, ar bhéaloideas, ar stair, agus ar chúrsaí ginealaigh. Maise mhór ar na haltanna is ea an dá cheann is fiche de ghrianghrafanna dubh is bán a ghabhann leo.
An Linn Bhuí , a journal founded by Leabhair na Linne in 1997, and edited by Pádraig Ó Macháin and Aoibheann Nic Dhonnchadha, publishes articles in Irish on various aspects of Déise life and culture.
Volume 8, published in August 2004, contains a number of poems and biographical essays, together with articles on current affairs, folklore, topography, history, and genealogy. 22 black-and-white photographs.