|
Leabharlann Choláiste na Rinne
An cnuasach leabhar agus lámhscríbhinní a dh'fhág an Dr Risteird de Hindeberg (1863-1916) le hoidhreacht ag Coláiste na Rinne, is iad is fotha agus is bunús don Leabharlann atá inniu ann.
Chuaigh an Dochtúir d'éag i bPort Cládhach Lá Fhéile Pádraig 1916. Scríobhadh tuairisc ghairid ar a leabharlann (`The late Dr Henebry's Library') ins an Munster Express an 6 Bealtaine 1916. (Note 1) Dúraíodh sa tuairisc go raibh a chnuasach leabhar agus lámhscríbhinní (`several valuable Irish MSS') fágtha le hoidhreacht ag Coláiste na Rinne aige, agus go rabhadar cheana fhéin i Leabharlann an Choláiste.
Thimpeall 200 leabhar athá i gcnuasach de Hindeberg. Ar na seoda atá ann tá na macasamhla a foilsíodh san aois seo caite de Leabhar na hUidhre (1870), An Leabhar Breac (1872-6), Leabhar Laighean (1880), agus Leabhar Bhaile an Mhóta (1887).
Tá roinnt irisí sa chnuasach, dó n' trí litreacha, agus beagán cóipleabhar chomh maith. Formhór na gcóipleabhar, nótaí sa nGearmáinis atá iontu a thóg Risteard le linn dó bheith ag freastal léachtaí in Freiburg agus in Greifswald ins na blianta 1896-8. Bhreacadh sé abairtí fáin i nGaeilge ins na cóipleabhair
seo. Déardaoin an 9 Nollaig 1897 deir sé gur tháinig bás Phiarais, a athar, chun a chuimhne: `Trí bliadna cusin tacadso indiu fuair m'athair bocht bás. Ro léigheas indaifrenn indiu ar a anmaim'. Roinnt laethanta ina dhiaidh san, Dé Luain an 13 Nollaig, thagair sé don aimsir: `Snechta salach air maitin', agus, mar bharr ar an donas, deir sé: `Tinnes fiacal ocum ar feadh na hoidhche'.
Lámhscríbhinní i gcnuasach De Hindeberg
Is iad na lámhscríbhinní a bhronn sé ar an gColáiste, áfach, lámhscríbhinní ón 19ú haois, cheithre cinn ar fad acu do réir dealraimh, an chuid is luachmhaire dá oidhreacht, mar athá:
Ls 1
Lgh 400. Cheithre lámhscríbhinní in aon leabhar amháin: (a) lgh 1-60, dhá scéal Rúraíochta. Scríobhaí: Amhlaoibh Ó Súilleabháin, Callainn, Co. Chill Chainnigh, 1812. (b) lgh 61-70, dán diaga. Gan ainm scríobhaí. (c) lgh 71-304, aibítir na Gaelainne, clár nod, agus cnuasach filíochta. Scríobhaí: Donnchadh Ulf, Droichead Abhann Ó gCearnaigh, Co. an Chláir, 1816. (d) lgh 305-400, filíocht le Tadhg Dall Ó hUiginn, Dáibhí Ó Bruadair, etc. Scríobhaí: Seán Ó Dálaigh, Eochaill agus Lic Fhuaráin. Chríochnaigh Seán scríobh dhánta Bhruadair an 9 Márta [? 1829] (thá na huimhreacha scriosta sa lámhscríbhinn.) Is ionann
an lámhscríbhinn seo, dála an scéil, agus an scríbhinn a dtagartar di in de Brún, Treoirliosta, 78 alt 348.
Thá bileog ceangailte isteach idir lgh 70 agus 71 den leabhar ar a bhfuil eolas breactha mar gheall ar mhuintir Hindeberg agus daoine eile i gCill Eoin, Cluain na gCam, Co. Phort Láirge, eolas a dh'aithscríobh Séamus Ó Casaide (1877-1943) in mí Feabhra 1912 as Daonáireamh 1821 in Oifig na dTaifead Poiblí`chum úsáide an Dochtúra Risteird de Hindeberg sagart'.
1 Mo bhuíochas do Liam Ó Fearchair, Iarsmalann Dhún Garbhán, a thug an t-eolas san dom.
home | an coláiste | courses | resources | employment | contact
Coláiste na Rinne
Rinn Ó gCuanach, Dún Garbhán, Co. Phort Láirge, Éire
Guthán/Tel: 058 46128 (Oifig) Facs/Fax: 058 46864
E-Phost: info@anrinn.com
©2008 All Rights Reserved Web Design & Maintenance: Ambit Ireland Internet Services |