Ar mhaith libh clár saincheaptha? Let us custom design a programme for you.

Léigh nó íoslódáil an réamheolaire thíos.... Check out our brochure below...

Cliceáil thíos chun an réamheolaire a fheiceáil nó a íoslódáil.
Click below to view / download the prospectus. 

“Cuimhnígí, gur fada chugainn anall a tháinig an Ghaeilge, agus an croí mór bog Gael a ghabhas léi, agus gur foghail thar foghla agus creach thar creacha an domhain, an croí gan cor sin agus an teanga chaoin cheansa sin a scarúin linne agus lenár sliocht inár ndiaidh go deo.”
An Dr. Ristéard de Hindeberg

Fáilte | Welcome

Fáilte romhat go Coláiste na Rinne, áit ina mbíonn cúrsaí gairid do bhunscoileanna agus meánscoileanna. Bíonn béim ar an nGaeilge labhartha a chothú i measc na scoláirí le linn an turais. Leagtar amach clár i gcomhairle leis an scoil agus spreagtar na scoláirí i dtreo labhairt na Gaeilge fad is atá siad linn.

You are very welcome to Coláiste na Rinne where short courses for primary and secondary schools are organised. Emphasis is placed on spoken Irish among the scoláirí throughout their visit. A programme is prepared in consultation with the school, and scoláirí are encouraged to speak Irish while here.

Lóistín agus Bia | Accommodation and Food

Is féidir teacht i gcomhair cuairt lae, nó cuairt chónaithe. Is sa Choláiste a bheidh lóistín agus béiltí, ag na scoláirí chónaithe. Fanann na scoláirí i suanliosanna, buachaillí ar urlár amháin agus cailíní ar urlár eile. Bíonn na suanliosanna roinnte i rannóga níos lú le beirt ag roinnt cillín le chéile. Tá bia sláintiúil an-tábhachtach dúinn i gColáiste na Rinne agus chuige sin aimsítear an bia go háitiúil agus déantar an chócaireacht go laethúil i gcistin an Choláiste. Cuirtear lóistín ar leith ar champas an Choláiste, atá oiriúnach do dhaoine fásta, ar fáil saor in aisce do mhúinteoirí.

A day trip or residential trip can be organised. Residential students will have their accommodation and meals in Coláiste na Rinne. Students are accommodated in dormitories, with boys on one floor and girls on another. The dormitories are divided into smaller units with two scoláirí sharing a cubicle. Healthy food is very important to us at Coláiste na Rinne. Ingredients are sourced locally and meals are prepared freshly each day on site. We also cater for the specific dietary needs of our students. Separate accommodation which is suitable for adults on the Coláiste campus is provided free of charge for teachers.

Stair | History

Bhí Coláiste na Rinne ann go neamhfhoirmiúil ón mbliain 1903 agus Gaeilge á teagasc do chuairteoirí, a bhformhór ag an am sin ó Bhaile Átha Cliath. Fuair Pádraig Ó Cadhla, timire de chuid Chonradh na Gaeilge deontas i 1903 chun ranganna Gaeilge a mhúineadh.

Coláiste Ghaeilge is ea Coláiste na Rinne a bunaíodh go hoifigiúil sa bhliain 1905. B’shin mar a thosaigh teagasc na teangan sa Rinn agus níor tháinig aon mhaolú ar an obair ó shin i leith.

Ionad oideachais ar 25 acra atá i gColáiste na Rinne sa lá atá inniu ann. Cuireann Coláiste na Rinne ranganna Gaeilge agus imeachtaí cultúra eile ar fáil d’fhoghlaimeóirí agus cuairteoirí de gach aois agus ó gach áit ar domhan.

Coláiste na Rinne was informally established in 1903 when visitors to the area, largely from Dublin, displayed an interest in learning Irish. Pádraig Ó Cadhla, an organiser for Conradh na Gaeilge secured a grant to establish summer classes in 1903.

The Coláiste was formally established in 1905 and from there the teaching of Irish in Gaeltacht na nDéise has continued to flourish to this day.

Today Coláiste na Rinne, standing on a 25 acre campus, is a centre for education. It offers a wide range of classes and cultural experiences to learners and visitors of all ages, from all over the world.

Clár | Programme

Tá seantaithí ag muintir an Choláiste in eagrú cluichí agus imeachtaí do scoláirí. Bíonn tabhacht ar leith ag baint le gach duine bheith ag glacadh páirt agus ag foghlaim.

Spóirt sa Choláiste:

  • Peil;
  • Iomáint;
  • Camógaíocht;
  • Go4Scór;
  • Ná Phléasc mo Bhalún
  • Leadóg;
  • Cispheil;
  • Eitpheil;
  • Sacar;
  • Liathróid Láimhe;

Imeachtaí:

  • Siúlóidí i nGaeltacht na nDéise;
    – An Coinnigéar
    – Bád Tárrthála
    – Cé Heilbhic
    – Criostal na Rinne
  • Léachtaí le aoichainteoirí áitiúla;
  • Cluichí Boird;
  • Tráth na gCeist;
  • Céilí.

Coláiste na Rinne has long experience in organising sports and activities for scoláirí. It is very important that everyone participates in activities and learning.

On-campus sports:

  • Football;
  • Hurling;
  • Camogie;
  • Go4Scór;
  • Ná Phléasc mo Bhalún
  • Tennis;
  • Basketball;
  • Volleyball;
  • Soccer;
  • Olympic Handball;

Activities include:

  • Walks in Gaeltacht na nDéise
    – The Cunniger

    – RNLI Lifeboat Station
    – Heilbhic Harbour
    – Criostal na Rinne
  • Talks with local guest speakers;
  • Board Games;
  • Table Quiz;
  • Céilí.

Iarratas | Application

Seol iarratais chugainn leis an FHOIRM SEO nó labhair linn ag (058) 46128.

To make an inquiry please CLICK HERE or contact us on (058) 46128.

Táille | FEES

Leagtar amach clár i gcomhairle leis an scoil agus braitheann táille an chúrsa ar an gclár a ullmhófar.

Seo thíos clár táillí samplach:

  • Cúrsa Lae: €50/scoláire
  • Cúrsa 2 lá: €140/scoláire
  • Cúrsa 3 lá: €230/scoláire
  • Cúsa 4 lá: €320/scoláire
  • Cúrsa 5 lá: €400/scoláire

A programme is prepared in consultation with the school and the fee is dependent on the programme agreed.

Below is an indicative fee schedule:

  • Day Visit: €50/scoláire
  • 2 Day Residential Visit: €140/scoláire
  • 3 Day Residential Visit: €230/scoláire
  • 4 Day Residential Visit: €320/scoláire
  • 5 Day Residential Visit: €400/scoláire