COLÁISTE NA RINNE
     Ring College
Google Web This Site

Tionól an tSamhraidh’, ar an téama ‘Coláiste na Rinne: Saothar, Spiorad & Oidhreach

Sliocht as ‘Saol’

D’éirigh go hiontach leis an tríú ‘Tionól an tsamhraidh’, ar an téama ‘Coláiste na Rinne: Saothar, Spiorad & Oidhreacht’, a bhí ar siúl i nDún Garbhán agus sa Rinn ón 8-10 Iúil. Tháinig daoine ó chian is ó chóngar chun páirt a ghlacadh in imeachtaí an Tionóil, idir léachtaí agus taispeántais agus imeachtaí eile in Oifigí Chomhairle Contae Phort Láirge i nDún Garbhán agus i gColáiste na Rinne sa Rinn.

Ba é Aonghus Ó hEocha, Cathaoirleach Choláiste na Rinne, a d’oscail an Tionól go hoifigiúil Dé hAoine sna hOifigí Cathartha. Thug sé cur síos an-suimiúil ar stair na scolaíochta trí Ghaeilge sna Déise suas go dtí bunú Choláiste na Rinne i 1905 agus ina dhiaidh sin – agus a athair féin ar dhuine de na bunaitheoirí. Labhair Méara Dhún Garbhán, Fiachra Ó Céilleachair, faoin mbaint phearsanta a bhí agus atá aige féin agus a chlann le Coláiste na Rinne in imeacht na mblianta.

Thug an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe & Gaeltachta, Éamon Ó Cuív T.D., príomhchaint an deireadh seachtaine. Thug sé óráid bhreá spreagúil uaidh inar thug sé cur síos ar staid reatha na Gaeilge sa tír seo agus míniú ar phríomhpholasaithe a Roinne i leith chur chun cinn agus fhorbairt na Gaeilge. Bhí fáiltiú ann i ndiaidh óráid an Aire, le ceol ó cheoltóirí traidisiúnta áitiúla.

Bhí imeachtaí an tSathairn ar siúl i gColáiste na Rinne féin sa Rinn. Thug leabharlannaí an Choláiste, Dr. Aoibheann Nic Dhonnchadha, Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, cur síos an-suimiúil ar stair na leabharlainne; thug an Dr. Diarmuid Ó hAirt cur síos ar a chuimhní pearsanta féin i leith an Choláiste agus é ag díriú isteach ar shaol Phiarais de hIndeberg. Léacht dar teideal Coláiste na Rinne agus Gaeltacht 2105 – Comóradh nó Ceiliúradh a thug príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Pádraig Ó hAoláin. Chuaigh an tAthair Uinseann Ó Maidín, Mainistir Mheilearaí, siar ar bhóithrín na smaointe agus laethanta a óige sa Rinn. Cainteoirí eile an tSathairn ba ea John Walsh, teangeolaí le Fiontar DCU, a labhair ar an téama Ó Heilbhic go Helsinki: Gaeltacht na nDéise i gcomhthéacs idirnáisiúnta teanga, agus Bertie Ó hAinmhire, príomhoifigeach leis an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe & Gaeltachta, a labhair faoi ról na gColáistí Gaeilge i saol na Gaeltachta agus na tíre i gcoitinne.

Bhí léacht agus cur i láthair míre ón dráma An Gobán Saor (leis an Dr. Risteard de hIndeberg) a thug Seán Ó Morónaigh ón gComhlachas Náisiúnta Drámaíochta agus aisteoirí na Rinne agus an tSean Phobail ar cheann de bhuaicphointí an deireadh seachtaine. I rith an lae bhí deis ag daoine féachaint ar dhá thaispeántas: Coláiste 100, taispeántas ealaíne i nDánlann Joan Clancy láimh leis an gColáiste, agus taispeántas de cháipéisí agus doiciméid ar stair shóisialta an Choláiste a cuireadh le chéile go speisialta don Tionól ag Cartlannaí an Chontae, Joanne Rothwell. Reáchtáladh coirm cheoil i Meánscoil San Nioclás sa Rinn oíche Shathairn, agus Ann Mulqueen ina bean an tí, le ceoltóirí agus amhránaithe ón gceantar.

Bhí Aifreann an Tionóil sa séipéal áitiúil sa Rinn maidin Domhnaigh, agus chan cór álainn na Rinne go speisialta don ócáid.

Go mbeirimid beo ar an am seo arís.

 

 

home | an coláiste | courses | resources | employment | contact

Coláiste na Rinne
Rinn Ó gCuanach, Dún Garbhán, Co. Phort Láirge, Éire
Guthá
n/Tel: 058 46128 (Oifig) Facs/Fax: 058 46864
E-Phost:
info@anrinn.com

©2008 All Rights Reserved Web Design & Maintenance: Ambit Ireland Internet Services