STAIR CHOLÁISTE NA RINNE
     
History of Ring College

Google Web This Site

Sa bhliain 1902 chuir Conradh na Gaeilge, Pádraig Ó Cadhla go dtí na Déise mar thimire. An bhliain ina dhiaidh sin tháinig sé go dtí an Sean Phobal. Chuir sé rang léamh na Gaeilge ar bun do mhuintir na h-áite chomh maith le h-amhránaíocht agus rince. Chuir an sagart paróiste, a bhí i gcoinne na Gaeilge ag an am, ina aghaidh agus chaith sé deire a chur leis na ranganna.

An. Dr. Ó Síotcáin An. Dr. de Hindeberg

Sa bhliain 1903 thosnaigh roinnt daoine ar theacht ar saoire go dtí An Rinn, go háirithe ó Bhaile Átha Cliath, agus bhí fonn orthu Gaeilge d'fhoghlaim. Fuair Pádraig deis rang a chur ar bun dóibh agus an Dr. Micheál Ó Síothcháin, (sagart agus Árd Easpag Sydney ina dhiaidh sin) ag tacú leis. Sé an toradh a bhí ar seo ná clár dubh a bhualadh suas i gcoinne Tighe an Bhacaera i mBaile na nGall. Scoil an Chalaidh a tugadh ar sin agus b'shin é tosach Choláiste na Rinne.

Sa mbliain, 1905, tógadh bothán adhmaid i mBóthar na Sop a thug fothaint do'n scoil. B'iad na múinteoirí i 1905 ná an Dr. Ó Síothcháin, an Dr. de hIndeberg (sagart agus ollamh le Ceiltise i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh), Pádraig Ó Cadhla, an Fear Mór (Dr. Seamus Ó hEocha a bhí ina thimire ag Connradh na Gaeilge) agus Diarmuid Stóice.

Thug Oifig an Oideachais Náisiúnta aitheantas oifigiúil do chúrsaí samhraidh an Choláiste i 1907. Tháinig fás mór ar líon na scoláirí i 1908 nuair a freastal 130 scoláirí ar na cúrsaí mí Iúil agus mí Lúnasa.

  

Diarmait de Stóc Pádraig Ó Cadla

Ba shoiléir go raibh gá práinneach le foirgneamh nua agus ionad comhnaithe dos na scoláirí. Tharla san i 1908 nuair a thairig Villiers Stuart, Drom Ana, tiarna talún sa dúthaigh sin, giota talún ar a eastát i Maoil a' Chóirne le haghaidh láthair scoile. Bhí sean-fhothrach ar an ngiota talún. Ghlac an Dr. Ó Síothcháin, Pádraig Ó Cadhla agus an Fear Mór leis an tairiscint agus cuireadh cóiriú ar an sean-fhothrach. Deir Micheál Ó Domhnaill ina ghéarr-stair ar Choláiste na Rinne gur críochnaíodh an athchóiriú laistigh de aon ráithe amháin. Ba mhór an éacht a leithéid fiú amháin inniu.

Mhol an Fear Mór ag cruinniú bainistíochta Choláiste na Rinne i 1919 go gcuirfí Scoil na Leanbh ar bun. Bheadh an scoil seo ag feidhmiú i gcaitheamh na bliana - do chailíní agus do bhuachaillí idir 7 agus 12 bliain d'aois. Ta clú bainte amach ag an scoil seo ar fuaid na tíre toisc a feabhas i múineadh na teangan.

Fé mar is eol dúinn tá borradh agus fás tagaithe ar Choláiste na Rinne idir cúrsaí samhraidh agus scoil na leanbh le céad bliain anuas. Tionchar suntasach ar shaol Gaelach na tíre é seo. Bíonn suas le míle scoláire in aghaidh na bliana ag freastal ar an gColáiste faoí láthair.


An Fear Mór

I 1906 osclaíodh Meán Scoil lae sa Choláiste fé chúram Phádraig Uí Chadhla agus ina dhiaidh sin fé chúram Sheáin Ó Chorraoin. Do fhreastal deichniúr de mhuintir na háite an Scoil seo, san céad bliain. Sa bhliain 1909 cuireadh fearaistí ar fáil do scoláirí comhnaithe sa Mheán Scoil. Cé gur lean an dá scoil ar feadh roinnt blianta - an scoil comhnaithe go dtí 1915 agus an scoil lae go dtí 1918 níor éirigh leo de dheasca easpa scoláirí ainneoin tréan iarrachta iad a choimeád ar siúl.

Is ceart a lua gur bunaíodh Comhar Chumann na Rinne Teo. chun freastal ar mhuintir na Rinne sa bhliain 1919 mar thoradh ar mholadh ó mhuintir an Choláiste. Mhair an siopa a cuireadh ar bun dá thoradh fé chúram Liam Uí Mhíocháin leath chéad bliain.

Deineadh iarracht eile Meán Scoil lae a chur ar bun fé choimirce an Choláiste i 1959. D'éirigh thar barr leis an iarracht so faoí stiúr Niocláis Mhic Craith agus tá chruthú le feiscint inniu ins an bhfoirgneamh breá nua atá ag an scoil. Tá suas le 100 scoláire ag freastal ar an Meán Scoil faoí láthair.

Mar fhocal scoir níor theip ar 'lucht a coinnithe ar siúl' an Choláiste i rith an tarna leathchéad bliain ach an oiread - ó 1955 go dtí inniu. Ina measc tá Micheál Ó Domhnaill (R.I.P.), Muiris Budhlaeir, Máire Ní Chéilleachair, Liam Suipéil, Eibhlín Nic Philip agus mórán eile.....

 

home | an coláiste | courses | resources | employment | contact

Coláiste na Rinne
Rinn Ó gCuanach, Dún Garbhán, Co. Phort Láirge, Éire
Guthá
n/Tel: 058 46128 (Oifig) Facs/Fax: 058 46864
E-Phost:
info@anrinn.com

©2008 All Rights Reserved Web Design & Maintenance: Ambit Ireland Internet Services