Cuirfear tús ar an Aoine, 30 Meán Fómhair leis an gcomhdháil seo a chruinneoidh daoine le chéile i nGaeltacht na nDéise. Tá an Chomdháil á eagrú ag Coláiste na Rinne agus Roinn na Nua-Ghaeilge, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh mar chuid de chlár comóradh 1916. I gColáiste na Rinne, An Rinn, Co. Phort Láirge a bheidh an Chomhdháil ar siúl agus pléifidh cainteoirí éagsúla scéalta na réabhlóidí ag cuimhneamh go háirithe ar 1916.

I measc na gcainteoirí a chloisfear ann, beidh Éamon Ó Cuív, T.D., Nicholas Carolan, Máire Mac Conghail, Feena Tóibín, Pádraig Ó Macháin agus cainteoirí de bhunadh Ghaeltacht na nDéise Áine Uí Fhoghlú, Ciarán Ó Gealbháin agus Liam Ó Riain.

Cliceáil ar na híomhánna chun clár iomlán na deireadh seachtaine a fheiceáil.

Print

Print