Conas a chuirfidh mé áit in áirithe ar chúrsa samhraidh ?

Is féidir le scoláire nó tuismitheoir/caomhnóir áit a chur in áirithe ar line.
Is féidir eolas iomlán d’fháil ar líne i leathanach na gcúrsaí samhraidh.

Cén cuspóir atá ag Cúrsa H, an dian-chúrsa Árd Teistiméireachta ?

‘S é cuspóir an chúrsa ná cabhrú leis an scoláire an toradh is fearr atá ar a cumas/a chumas a bhaint amach. Tá béim ana-mhór ar labhairt na Gaeilge. Tá an cúrsa réitithe chun na scoláirí d’ullmhú don scrúdú béil, don Aiste don bhFilíocht agus don bPrós.

Cén t-am is fearr chun áit a chur in áirithe ar aon cheann des na Cúrsaí ?

Tosaíonn na háirithintí do na cúrsaí samhraidh ó Mheán Fómhair agus leantar ar aghaidh go hAibreán agus uaireanta isteach sa Bhealtaine. Molaimíd do thuismitheoirí/caomhnóirí áiteanna a chur in áirithe chomh luath agus is féidir mar athraíonn rudaí ó bhliain go bliain. Líonann na háirithintí suas go tapaidh uaireanta agus ní ceart a bheith ró-dhéanach nó beidh an scoláire gan áit. Ba cheart dóibh seo gur mian leo a bheith le cáirde clárú ag an am céanna.

Cad a chosnaíonn cúrsa samhraidh agus cá bhfanann na scoláirí ?

Brathann an costas ar faid an chúrsa agus ar an rogha lóistín. ‘S é costas cúrsa coicíse le lóistín agus béilí sa Choláiste ná €1,100. Cosnaíonn an cúrsa céanna €550 má tá lóistín ag scoláire le bean a’ tí áitiúil ach caitear táille breise lóistín a íoc leis an mbean a ‘ tí. Déanann an tuismitheoir gach socrú iad féin le bean a’ tí.
Cosnaíonn an Cúrsa Árd Teistiméireachta dha sheachtain €1,250. Tá gach eolas le fáil ach an cnaipe a bhrú i leathanach na gcúrsaí samhraidh. Tá liosta na dtithe le fáil sa leathanach céanna.

Cén deifir atá idir lóistín sa Choláiste agus lóistín le bean a’ tí ?

An deifríocht is mó ná go bhfuil gach rud ar lic an dorais acu seo atá ag cur fúthu sa Choláiste, ranganna, béilí, lóistín agus imeachtaí éagsúla. Glacann gach scoláire ar an gcúrsa páirt iomlán in imeachtaí uile an chúrsa, is cuma cá bhfuil said ag cur fúthu, tráthnóntaí agus deireadh seachtaine san áireamh.

Cén saghas lóistín ata ar fáil sa Choláiste ?

Tá suainlios ag na cailíní agus ceann eile ag na buachaillí. Tá an suainlios roinnte i gcillíní agus dhá leaba shingil, dhá chófra agus dhá várdrús i ngach cillín. Tá dhá leaba dhá stór i gcuid des na cillíní.

Conas a stiúraítear na cúrsaí ?

Tugtar aire dos na scoláirí de ló is d’oíche. I rith an lae tugann múinteoirí agus cinnirí aire dos na scoláirí. San oíche bíonn tuismitheoirí tí i bhfeighil na scoláirí agus codlaíonn i gcongaracht an tsuainleasa. Chomh maith leis sin tá banaltraí ar dualgas nó ar ghlaoch de ló is d’oíche.


An bhfuil an Coláiste dian ar labhairt na Gaeilge agus an gcuirtear pionós a rscoláirí a labhrann Béarla ?

Éilimíd go labhartar Gaeilge i rith an chúrsa. Cabhraímíd go mór leo seo a labhrann Gaeilge agus meallaimíd iad le duaiseanna beaga agus coimeádtar súil ghéar ar lucht an Bhéarla. Iarrtar ar thuismitheoirí na scoláirí ná déanann aon iarracht Gaeilge a labhairt, fiú amháin nuair a labhartar leo gan stad i dtaobh an scéil, iarraimíd ar thuismitheoirí na scoláirí sin iad a thabhairt abhaile ar fad mar go bhfuilid ag cur isteach ar obair an chúrsa. Ni thárlaíonn sé seo ró-mhinic.

Cén saghas caitheamh aimsire atá agaibh dos na scoláirí ?

Eagraítear an iliomad cluichí fóirne agus cluichí aonair dos na scoláirí, peil, iomáint, corr, cispheil, eitpheil, caith agus cuir, liathróid láimhe, leadóg, leodóg bhóird, ficheall, táiplis,snámh i dtránna ceadaithe, céilithe etc. Eagraítear cluichí neamhfhoirmiúla cosúil le tóraíocht taisce, siúlóidí, comórtaisí etc. go rialta.

An bhfuil na ranganna roinnte de réir cumais scoláirí ?

Nuair a chláraíonn scoláire ar chúrsa iarrtar air/uirthi a insint an bhfuil sé/sí ag déanamh gnáth nó árd leibhéal sa Ghaeilge. Cuirtear scoláire i rang de réir cumais agus de réir aoise.


Conas a éiríonn le scoláirí ná bíonn cáirde acu ag teacht ?

Cláraíonn scoláirí lena gcáirde ach tagann scoláirí chugainn gan cáirde acu chomh maith ach déanann said cáirde go mear le linn an chúrsa. Ní bhíonn fadhb ag aon scoláire le heaspa cáirde.

Cad a chaithfidh scoláire a bhreith leis/lei ?

* Éadaí spóirt, úirlisí ceoil chun páirt a ghlacadh I siamsaíocht.
*Éadaí síne.
* Cóipleabhar agus peann.
* Caithfidh scoláirí atá ag fanacht sa Choláiste na nithe seo a thabhairt leo : pluid, dhá bhráillín, clúdach pilliúir agus tuáille.
* Airgead póca le cur sa bhanc agus a thógaint amach nuair is gá.

An dtéann scoláirí abhaile ag an deireadh seachtaine ?

Ní théann mar cuireann sé isteach ar an gcóras foghlama agus bíonn móran imeachtaí ar siúl dos na scoláirí ag an deireadh seachtaine.



An mbíonn cead ag scoláirí freastal ar ócáid/cóisir teaghlaigh ?

Déantar eisceacht i gcásanna áirithe agus bíonn an Coláiste sásta tacú le hócáidí tabhachtacha.


An féidir le tuismitheoirí / gaolta cuairt a thabhairt ar na scoláirí ?

Is féidir cinte tar éis am ranga ( 3.15 pm ). Is fearr linn go dtiocfadh cuairteoirí ag an deireadh seachtaine agus is féidir é seo a socrú ach dul i dteangmháil leis an oifig ag 058-46128.



Tagann leadrán ar mo mhac/iníon go tapaidh. An dtárlaíonn sé seo i rith an chúrsa ?

Tá lá lán de ghníomhaíocht ag an scoláire, ranganna, imeachtaí spóirt, caitheamh aimsire agus críochnaíonn an lá le céilí.