Bígí linn

Tá ár gcampas 25 acra le lóistín, leabharlann, bialann agus áiseanna spóirt ag fanacht leat
Bíonn áthas ar fhoireann Choláiste na Rinne cúrsaí a dhearadh do ghrúpaí / eagraíochtaí éagsúla i rith nab liana. Oibrímíd le mic léinn, foirne oibre, státseirbhísigh, daoine fásta agus grúpaí le suim ar leith sa Ghaeilge nó i gcaitheamh aimsire eile. Is féidir linn an cúrsa a dhearadh in oiriúint do gach léibhéal agus buiséad.
Déan Fiosrúchán

Bíonn Coláiste na Rinne ar fáil do ghrúpaí / eagraíochtaí atá ag obair i saol na Gaeilge nó daoine ag foghlaim na teanga. Go dtí seo, tá cúrsaí ar leith curtha le chéile ag an gColáiste do Ghaelscoileanna agus Gaelcholáistí, daoine thar lear, Ciorcail Chomhrá agus baill den Chumann Lúthchleas Gael. Oibríonn foireann an Choláiste le ceannaire an ghrúpa chun na gnéithe éagsúla den chúrsa a chur le chéile. Is féidir linn siúlóidí treoraithe, ranganna, cainteanna, amhránaíocht, rince, spórt agus turasanna a bheith mar chuid den amchlár.