Ranganna Oíche
CLÁRAIGH ANOIS
Ranganna idirghníomhacha atá i gceist, á dtabhairt ag múinteoir le taitihí thar tréimhse 8 seachtaine. Maireann gach rang 90 nóiméad. Bíonn neart deiseanna chun ceisteanna a chur ar an múinteoir, comhrá a chleachtadh maraon le taithí a fháil ar léamh agus scríobh na Gaeilge. Deis iontach iad na ranganna bualadh le daoine le suim sa Ghaeilge agus sa chultúr.
FOGHLAIM SA GHAELTACHT
Dóibh siúd atá ag iarraidh dul chun cinn comhsheasmhach a dhéanamh ina leibhéal inniúlachta maidir le labhairt, léamh agus scríobh na Gaeilge, fáiltímid roimh foghlaimeoirí sna ranganna oíche freastal ar chúrsa tumoideachais Gaeilge agus Cultúr na nDéise ar champas Choláiste na Rinne sa Rinn i mí Lúnasa.