An gcaithfidh mé freastal ar iomlán an chúrsa ?
Deir an Roinn Oideachais go gcaithfear freastal ar iomlán an chúrsa. Is féidir eisceacht a dhéanamh i gcásanna speisialta le cead scríofa ó Choláiste an mhicléinn.
An bhfaighidh mé teastas má bhím as láthair oíche nó dhó ?
De réir rialacha na Roinne taispeánann an teastas go soiléir tinreamh an mhicléinn agus na dátaí a raibh sí/sé as láthair.
An féidir an táille a dhíol i dtrath-chuideanna ?
Is féidir áit ar an gcúrsa a chinntiú ach éarlais de €100 a íoc agus caithfear an chuid eile a íoc coicís roimh tús an chúrsa. Is féidir socraithe eile a dhéanamh más gá i gcásanna áirithe.
Cad iad na socraithe lóistín ?
Cuirtear lóistín ar fáil i dtithe sa Choláiste. Roinntear na seomraí idir bheirt, triúr nó ceathrar micléinn.
An féidir seomra a roinnt le cara ?
Deanaimíd ár ndícheall lóistín a shocrú do mhicléinn le cara/cáirde agus ba mhaith an rud é pé socrú atá ag teastáil ón macléinn a chur in úil nuair atá áit ar an gcúrsa á chur in áirithe.
An gcaithfidh mé éadaí leapan a thabhairt ?
Cuirtear éadaí leapan ar fáil sa lóistín ach más maith le micléinn a gcuid féin a thabhairt leo glactar leis sin.
An bhfil WIFI sa Choláiste ?
Tá soláthar WIFI ar fáil i roinnt ionad sa Choláiste.
Have we any free time?
Dian-chúrsa atá i gceist agus tá teora le ham soar. Ach ní bhíonn imeachtaí eagraithe ar siúl uaireanta go déanach san iarnóin agus tagann deireadh le himeachtaí eagraithe ar a 8 a chlog san oíche. Ní bhíonn imeachtaí eagraithe ar siúl cúpla tráthnóna nó san oíche agus i rith an ama sin bíonn cead ag micléinn a rogha caitheamh aimsire a chleachtadh.