Tumchúrsa Gaeilge
Is féidir clárú ar line ANSEO
Osamharc ar an gcúrsa
Bunaíodh Coláiste na Rinne i 1905 mar eagraíocht chun an Ghaeilge a chur chun cinn tríd an oideachas. Cuireann Coláiste na Rinne rogha leathan cúrsaí ar fáil ó cheann ceann na bliana do na foghlaimeoirí ar fad a thagann chughainn, ó chian is ó chóngar, idir óg agus aosta. Tá áiseanna den scoth ar fáil ar an gcampas 25 acra a chuireann le reachtáil na gcúrsaí agus a chabhraíonn dea-atmaisféar a chruthú chun an Ghaeilge a mhúineadh agus a fhoghlaim. Tugann an Tumchúrsa Gaeilge ag Coláiste na Rinne deis do scoláirí Gaeilge an teanga a fhoghlaim ag léibhéil éagsúla sa cheantar nádúrtha don teanga; an Ghaeltacht.
Sonraí do chúrsa 2018
Roghanna:
Tá dhá rogha ann do 2018, cúrsa coicíse nó cúrsa seachtaine:
Dataí:
11 Lúnasa – 25 Lúnasa 2018 (2 seachtain)
18 Lúnasa – 25 Lúnasa 2018 (seachtain amháin)
Ionad:
Coláiste na Rinne, an Rinn, Dún Garbhán, Co. Phort Láirge.