Rogha iontach gach lá
Mar chuid den chúrsa eagraítear turasanna go dtí áiteanna labhartha na Gaeilge chun an teanga a bhlaiseadh i ngáth imeachtaí an tsaoil sa timpeallacht nádúrtha. Tugann na cuairteanna seo deis do rannpháirtithe an chúrsa meascadh le muintir na Gaeltachta agus a bheith páirteach in imeachtaí pobail.
Sampla de na himeachtaí cultúrtha a bhíonn idir lámha:
Siúlóidí treoraithe – An Coinigéar, Ceann Heilbhic, an Aird Mhór, baile oidhreachta.
Turas chuig Dánlann áitiúil – Dánlann Joan Clancy
Cuairt ar mhonarcha criostail – Criostal na Rinne
folcadáin trioscair – Sólás na Mara
Reilig an tSléibhe – cuimhneachán ar an nGorta Mór
Ceann Heilbhic agus leac na bhFíníní
táirgeoirí bia – feirm oisirí, Grúdlann Dhún Garbhán, Bácús Barrons.
Bíonn roinnt mhaith imeachtaí cultúrtha agus spraoí eagraithe chomh maith, céilithe, ceolchoirmeacha, amhránaíocht, tráth na gceist, rince.