Áit fíor álainn

"Braithim gur ceantar Gaeltachta fáiltiúil fuinniúil atá anseo sa Rinn agus sa Sean Phobal".
Bhí an tseachtain go hiontach. Bhí a lán rudaí ar siúl, ranganna, filíocht, bia den scoth, amhránaíocht – gach rud.
Seán ó Philadelphia

“Bhí turas againn  gach tráthnóna, bhí sé an-shuimiúil ag féachaint ar gach rud faoin stair agus faoin gcultúr sa cheantar seo.  Thabharfainn 10 as 10 don chúrsa seo i nGaeltacht na nDéise. Daoine fíor álainn, radharcanna iontacha agus gach duine chomh deas, táim uaigneach ag fágáil na háite.

Bhí an tseachtain an-eagraithe agus amchlár an-mhaith ann. Bhí ranganna Gaeilge ar maidin, béilí den scoth gach lá agus turasanna san iarnón. Gach tráthnóna bhí imeachtaí cultúrtha eagraithe. Mar fhoghlaimeoir Gaeilge ag teacht anseo ó Mheiriceá, bhí daoine líofa anseo gach lá chun labhairt leor, agus chabhraigh sé sin go mór chun an teanga a bhlaiseadh agus a fhoghlaim.”

Seán ó Philadelhphia

 

“Bhí mé fíor thógtha leis na háiseanna agus go háirithe na daoine. Tá fuinneamh i nGaeltacht na nDéise agus chuaigh sé i bhfeidhm go mór orm. Bhí an múinteoir thar barr. Ní bhfaigheadh an fhoireann níos mó a dhéanamh.

Bhain mé taitneamh as an bhfolcadán trioscair, chomh maith leis an Aifreann!

Bhraith mé an Ghaeilge timpeall orm i gcónaí agus chuir sé go mór leis an gcúrsa.

Bhí mé tógtha le sprid an phobail agus an cúram a deintear de gach éinne. Bhí na céilithe agus ceolchoirm ar fheabhas agus táim cinnte gur féidir leis an gcúrsa seo daoine ó Mheiriceá agus áiteanna eile a mhealladh go dtí Gaeltacht na nDéise.”

Maitiú, San Francisco