Gaeltacht na nDéise

Áit chónaithe do cheoltóirí, amhránaithe, stairithe, lucht déanta scannáin, scéalaithe.

Áit an-mheallta is ea Gaeltacht na nDéise le réimse leathan imeachtaí le déanamh.  Tar chughainn agus is féidir ‘Draíocht na nDéise’ a bhlaiseadh.

Tá Gaeltacht na nDéise lonnaithe in oir-dheisceart grianmhar na tíre, suite cois mara le radharcanna den scoth timpeall gach cúinne. Is iad An Rinn agus an Sean Phobal an dá leath-pharóiste sa Ghaeltacht bheag seo le timpeall 1,600 duine ag maireachtaint anseo. Tá cáil ar an áit don Ghaeilge ach taobh leis sin feictear grá sa cheantar don cheol agus amhránaíocht traidisiúnta a thugann beocht ar leith don dúthaigh.

Faightear seirbhísí éagsúla do chuairteoirí sa Rinn le dhá ché ann, ceann i mBaile na nGall agus in Heilbhic. Tá tránna den scoth againn chomh maith. Tá cuid den chósta seo faoi chosaint speisialta agus deiseanna go leor ag daoine gur suim leo an timpeallacht agus éanbhreathnú ach go háirithe.

Cuirfear fáilte mhór romhat chuig Gaeltacht na nDéise.

 

Léigh a thuilleadh ANSEO