Lámhscríbhinní agus Leabhair

An cnuasach leabhar agus lámhscríbhinní a d’fhág an Dr Risteard de Hindeberg (1863-1916) le hoidhreacht ag Coláiste na Rinne, is iad is fotha agus is bunús don Leabharlann atá inniu ann. Bhí an Dr de Hindeberg ar dhuine den chúigear scoláirí a bhunaigh Coláiste na Rinne in 1905.  Is i bpríomhfhoirgneamh an Choláiste atá an Leabharlann, i gceartlár an champais  25 acra.

 

TABHAIR TURAS na Leabharlainne i bhfochair an Choimeádaí, Dr Aoibheann Nic Dhonnchadha

Is iad na lámhscríbhinní Gaelainne atá inti  an chuid is luachmhaire de oidhreacht de Hindeberg, lámhscríbhinní ón 19ú haois déag,  a chnuasaigh Risteard in áiteacha  éagsúla i rioth a shaoil agus a chuir sé á gceangal tamall de bhlianta fér chuaigh sé d’éag in 1916.

Dr. Richard Henebry (1863 – 1916)002

Ar na cinn is cáiliúla orthu tá lámhscríbhinní  leis na scríobhaithe aitheanta Amhlaoibh Ó Súilleabháin (1780-1838), Callainn, Co. Chill Chainnigh, 1812 [sleamhnán anso],  agus Mícheál Óg Ó Longáin, Carraig na bhFear, Co. Chorcaí, 1813 [sleamhnán anso]. Tá sa chnuasach chomh maith lámhscríbhinní le beirt scríobhaithe nach eol dúinn saothar ar bith eile dá gcuid a bheith tagtha slán, mar atá, Seán Ó Súilleabháin,  Réileán, Achadh Bolg,  Co. Chorcaí, 1819 [sleamhnán anso] agus Tomás Ó hÉigeartaigh,  Ros Ó gCairbre,  Co. Chorcaí, 1839 [sleamhnán anso]. presimage

Thimpeall 200 leabhar atá i gcnuasach de Hindeberg. Ar na seoda atá ann tá na macasamhla a foilsíodh san aois seo caite de Leabhar na hUidhre (1870),  An Leabhar Breac (1872-6), Leabhar Laighean (1880)  and Leabhar Bhaile an Mhóta (1887).

Acmhainní Luachmhara Eile

Thá roinnt irisí sa chnuasach agus beagán cóipleabhar chomh maith. Formhór na gcóipleabhar, nótaí Gearmáinise atá iontu a thóg Risteard le linn dó bheith ag freastal léachtaí in Freiburg agus in Greifswald sna blianta 1896-8. Bhreac sé roinnt abairtí fáin i nGaeilge sna cóipleabhair seo.

Ar na seoda eile a bhronnadh ar an Leabharlann ina dhiaidh sin tá:

  • C óip de `Forus feasa ar Éirinn’ an Chéitinnigh a scríobh Pádraig Ó Cearmada, Tigh an Mhuilinn, Cill Rosanta, Co. Phort Láirge, 1893-4. Ba é Liam Ó Míodhacháin (1874-1960), údar, scoláire agus gnódóir, a bhronn an lámhscríbhinn seo ar an Leabharlann.
  • Ar na cáipéisí sa Leabharlann is mó a bhfuil taighde déanta orthu, tá an cnuasach leabhar nótaí Gaelainne a bhailigh an tArdeaspag Míchéal Ó Síothcháin  (1870–1945) sa Rinn agus sa Sean-Phobal sa tréimhse 1908-44.  Mac dearthár an Ardeaspaig, Nioclás Barún, abhcóid, dob é a bhronn ar an Leabharlann iad tar éis bháis a uncail in 1945. Is orthu a bhunaigh Risteard B. Breatnach a mhórshaothar, Sean-chaint na nDéise II: Studies in the vocabulary and idiom of Déise Irish based mainly on material collected by Archbishop Michael Sheehan (1870–1945) (Dublin 1961).
  • In 1997, bhronn Tomás Ó Cadhla, Gort na Daibhche, An Rinn, ar an Leabharlann cnuasach páipéirí a bhí i seilbh a uncail, Seaán Ó Cadhla (1884-1918), údar an leabhair cháiliúil  Cathair Phortláirge agus na Déise (1917).
  • In 2013 thug Seán Mac Cárthaigh, Dún Garbhán, ar buaniasacht don Leabharlann lámhscríbhinn a scríobhadh sa tréimhse 1848-50 i mBaile Uí Chiaróg, Cill Rosanta, ag Nioclás Ó Fuartháin agus daoine de mhuintir Ghóch.

Forbairt na Leabharlainne

Is é Coláiste na Rinne a riarann Leabharlann de Hindeberg. Is í an Dr Aoibheann Nic Dhonnchadha, iarscoláire de chuid Scoil na Leanaí, Comheagarthóir an Fhochoiste Leabharlainne agus Coimeádaí na Leabharlainne.

De thoradh deontais fhlaithiúil a chuireadh ar fáil ag Comhpháirtíocht LEADER Phort Láirge , tá Coláiste na Rinne  le déanaí tar éis Seomra Taighde  a léiriú agus a athchóiriú d’aonghnó chun  fáilte a chur roimh cuairteoirí, léitheoirí agus taighdeoirí a thiocfaidh chun an Choláiste chun  seoda na Leabharlainne a léamh agus a scrúdú.