An cnuasach leabhar agus lámhscríbhinní a dh’fhág an Dr Risteird de Hindeberg (1863-1916) le hoidhreacht ag Coláiste na Rinne, is iad is fotha agus is bunús don Leabharlann atá inniu ann.

Thimpeall 200 leabhar athá i gcnuasach de Hindeberg. Ar na seoda atá ann tá na macasamhla a foilsíodh san aois seo caite de Leabhar na hUidhre (1870), An Leabhar Breac (1872-6), Leabhar Laighean (1880), agus Leabhar Bhaile an Mhóta (1887).

Tá roinnt irisí sa chnuasach, dó n’ trí litreacha, agus beagán cóipleabhar chomh maith. Formhór na gcóipleabhar, nótaí sa nGearmáinis atá iontu a thóg Risteard le linn dó bheith ag freastal léachtaí in Freiburg agus in Greifswald ins na blianta 1896-8. Bhreacadh sé abairtí fáin i nGaeilge ins na cóipleabhair

seo. Déardaoin an 9 Nollaig 1897 deir sé gur tháinig bás Phiarais, a athar, chun a chuimhne: `Trí bliadna cusin tacadso indiu fuair m’athair bocht bás. Ro léigheas indaifrenn indiu ar a anmaim’. Roinnt laethanta ina dhiaidh san, Dé Luain an 13 Nollaig, thagair sé don aimsir: `Snechta salach air maitin’, agus, mar bharr ar an donas, deir sé: `Tinnes fiacal ocum ar feadh na hoidhche’.