Lámhscríbhinní, Grianghraf & Comhaid Fuaime

Tá ana-áthas ar Choláiste na Rinne saibhreas Leabharlann de Hindeberg, idir leabhair, lámhscríbhinní, grianghrafanna agus comhaid fuaime a roinnt le cuairteoirí ach coinne a bheith déanta. Is féidir taispeántaisí agus turasanna den leabharlann a shocrú do dhaoine aonair, grúpaí scoile/ollscoile, grúpaí gníomhacha do dhaoine ar scor agus cumainn staire agus cultúrtha srl.

Mar shampla, is féidir le grúpaí de dheichniúr nó níos lú éileamh a bhaint as cur i láthair foirmeálta faoi leabharlann de Hindeberg, agus turas treoraithe d’ábhar cartlainne na leabharlainne ina dhiaidh. Is féidir an seisiúin a chur i gcrích le plé oscailte mar aon le sóláistí éadroma saor in aisce i seomra bia an Choláiste. Mar threoir bíonn costas €200 ar chur i láthair grúpa agus turas (deichniúir ar a mhéad), a mhaireann dhá uair an chloig.

Táimid sásta an turas a chuir in oiriúint do riachtanaisí ár gcuairteoirí.

Labhair Linn


Sheol an tUachtarán Mícheál D. Ó hUigín an leabharlann i mBealtaine na bliana 2015
library

Cliceáil thíos chun taispeántas
sleamhnáin a fheiscint

libraryimage (2)