Cruthaítear cairdeas agus neamhspleáchas i Scoil na Leanaí

Tagann fás agus forbairt ar dhaltaí tar éis bliain a chaitheamh i gColáiste na Rinne
Féach ar ár scannán

Lóistín


Fanann na scoláirí i suanliosanna, na buachaillí ar úrlár amháin agus na cailíní ar úrlár eile. Bíonn na suanliosanna roinnte i rannóga níos lú le beirt ag roinnt le chéile, le dhá leaba singil, taisceadán agus vardrús. Tógann na daltaí a gcuid éadaí leapa féin leo, chomh maith le póstéirí, grianghraif agus ábhair eile ón mbaile, a chabhraíonn leo ‘baile ón mbaile’ a chruthú.
Féach ar ár scannán >

Imeachtaí tar éis scoile


Tuigimid an tábhacht a bhaineann le himeachtaí eagraithe a bheith cruthaitheach agus spreagúil do pháistí. Ag tógaint air seo, eagraímíd amchlár an-leathan cluichí agus caitheamh aimsire le freastal ar gach dalta. Deintear gach iarracht cabhrú leis na daltaí ard-thaitneamh a bhaint as na himeachtaí agus dul chun cinn a dhéanamh go pearsanta sna cluichí, laistigh agus lasmuigh. Bíonn peil, iomáint, cispheil, eithpheil, corr, cluichí páirce, cath agus cor, leadóg, scuais, leadóg bhoird agus liathróid láimhe mar chuid de chlár na gcluichí. Bíonn céilithe, coirmeacha ceoil agus cluichí boird againn chomh maith.
Féach ar ár scannán >

Cairdeas


Fásann cairdeas speisialta idir na daltaí a chaitheann bliain i Scoil na Leanaí. Roineann siad bliain iontach le chéile agus cuimhní maithe déanta a fhanann leo.
Deir tuismitheoir amháin “Táim chomh sásta gur fhreastail m’iníon ar Choláiste na Rinne. Bhí bliain iontach aici agus cairde déanta aici a bheidh ann di don chuid eile dá saoil, ó gach áit in Éirinn”.
Féach ar ár scannán >

Polasaí Itheacháin Sláintiúil


Tá bia sláintiúil an-thábhachtach dúinn i gColáiste na Rinne agus chuige sin faighimid ár mbia go háitiúil agus an chócaireacht déanta go laethúil i gcistin an Choláiste. Bíonn rogha ar fáil don dinnéar gach lá agus bíonn an biachlár curtha le chéile ag smaoineamh ar shláinte na bpáistí. Freastlaimíd ar dhaltaí le riachtanais ar leith maidir le bia, ag comhoibriú leis na tuismitheoirí / caomhnóirí.
Féach ar ár scannán >