An dtéann na daltaí abhaile ag an deireadh seachtaine ?

De ghnáth tugann tuismitheoirí/caomhnóirí cuairt ar na daltaí gach tríú deireadh seachtaine. Iarrtar orthu na daltaí a bhailiú aon uair tar éis 12.30 pm ar an Satharn agus iad a bheith thar n-ais sa Choláiste roimh 7.30 pm ar an Domhnach.
Cabhraíonn sé go mór leis na daltaí fanacht sa Choláiste i rith na deireadh seachtaine mar téann said i dtaithí ar theanga agus ar chultúr na háite. Ní mholaimíd cuairteanna ró-mhinic ó thuismitheoirí/caomhnóirí ná turasanna ró-mhinic abhaile mar go gcuireann sé seo isteach ar chúrsaí léinn agus ar thaithí na háite.


Cén saghas lóistín atá sa choláiste ?

Tá suainlios do chailíní ar úrlár amháin agus suainlios do bhuachaillí ar úrlár eile. Tá gach suainlios roinnte i rannóga agus tá dhá leaba shingil, dhá chófra agus dhá várdrús i ngach rannóg.

Cad iad na ranganna atá sa scoil .

Curaclam rang a sé a mhúintear i Scoil na Leanaí.





An mbíonn uaigneas ar na daltaí ?

Bíonn uaigneas ar dhaltaí áirithe uaireanta ar chúiseann difriúla agus ag amanta difriúla de ‘n mbliain. Tá taithí mhaith ag foireann an Choláiste ar uaigneas na ndaltaí. Nuair a bhíonn uaigneas ar dhaltaí bíonn an fhoireann cineálta leo agus trua acu dóibh agus tagann said as go tapaidh agus cuirtear scéal go dtí na tuismitheoirí/caomhnóirí má tá a gcabhair ag teastáil.

An gcaitheann daltaí Gaeilge a labhairt láthreach ?

‘S í an Ghaeilge an teanga a úsáitear ón tús sa scoil agus bíonn nathanna coitianta á n-úsáid timpeall na háite, sa seomra bia, in áiteanna caitheamh aimsire, sa suainlios etc. Foghlamaíonn na daltaí na nathanna seo go mear. Cuirtear béim níos mó ar an nGaeilge ó Mhí Dheireadh Fomhair amach. I gcaitheamh an chéad dá thearma cuirtear an bhéim ar mhealladh agus ar fhéin-mhuinín. Ag deireadh an dara téarma bíonn líofacht na ndaltaí feabhsaithe go mór agus méadaítear é sin tar éis saoire na Nollag.

Conas atá an bia sa Choláiste?

Is minic a cheistíonn tuismitheoirí cúrsaí bia sa Choláiste mar bíonn said buartha faoin mbia is maith agus nach maith lena bpáistí. Ach is breá leis na páistí an bia anseo agus dealraíonn sé go mbaineann rud éigin dearfa le bia a itear le daoine eile. Is minic a athraíonn rogha bia an dearcadh a bhíonn ag páistí agus go ndéanann said dearmad ar rudaí nár thaitin leo roimhe seo agus iad ag ithe lena gcáirde sa seomra bia.
Soláthraítear an bia go háitiúil, ullmhaítear é go húr sa chistin agus athraítear an biachlár go rialta.Bíonn rogha béile ag na páistí agus ullmhaítear an bia le sláinte agus taitneamh san áireamh. Déantar cúram do fhabhanna sláinte ( ailléirge etc. ) páistí ag comhoibriú go dlúth le tuismitheoirí/caomhnóirí.

Conas a thugtar aire dos na daltaí sa Choláiste ?

Tugtar aire mhaith dos na daltaí de ló is d’oíche. I rith an lae tugann múinteoirí, cinnirí oilte agus cúntóirí caitheamh aimsire togha na haire dos na daltaí. San oíche bíonn tuismitheoirí tí ina bhfeighil agus codlaíonn said in aice leis an suainlios. Bíonn banaltraí ar dualgas i rith an lae agus tá córas glaoch 24 uair againn do riachtanais sláinte na ndaltaí nuair is gá san.

An gceadaítear do dhaltaí fón póca a bheith acu ?

Níl cead ag daltaí fón póca a bheith acu sa Choláiste. Is féidir le tuismitheoirí/caomhnóirí labhairt lena bpáistí ar fhón an Choláiste mar leanas :
8.30 am go 9.30 am
1 pm go 2 pm
6 pm go 7 pm
Agus aon uair gan dabht i gcás géarchéime.


An féidir le daltaí sólaistí a bheith acu agus más féidir cathain ?

Is féidir le daltaí a rogha sólaistí a thabhairt leo agus iad a stóráil i mbosca agus is féidir leo iad a ithe uair sa lá.


An bhfuil níochán sa Choláiste ?

Tá níochán again agus is féidir le daltaí é d’úsáid gach dara seachtain ach tá táille le híoc. Féach “Eolas faoí Tháillí”.


An mbíonn seirbhísí creidimh sa Choláiste ?

Freastlaíonn na daltaí ar Aifreann Dé Domhnaigh agus Déardaoin ar 8.15 am. Deirtear an Choróin Mhuire gach tráthnóna ar a 6.30 pm. Táthar ag freastal ar dhaltaí de gach creideamh agus orthu san gan aon chreideamh ó bhunaíodh Scoil na Leanaí.



Cé hé/hí an chéad duine teangmhala I gcás géarchéime/faidhbe ?

Cuirtear fáilte i gcónaí san oifig roimh glaoch ó thuismitheoirí/caomhnóirí agus cuirtear i dteangmháil leis an duine cuí gan mhoill T 058 46128