Tá Coláiste na Rinne tiomanta do rochtain ar Scoil na Leanaí agus an Idirbhliain a leathnú trí chúnamh airgeadais leis an táille a thairiscint, de réir tástála acmhainne, do thuismitheoirí incháilithe. Sparánacht a thugtar ar chúnamh airgeadais den sórt seo. Is éard atá i gceist leis an sparánacht seo ná laghdú ar tháillí suas le 75%. Braitheann leibhéal na sparánachta ar chúinsí airgeadais na n-iarratasóirí.

Bronntar sparánachtaí de réir rogha an Fhochoiste Airgeadais, a dhéanfaidh measúnú ar iarratas i ndáil le cúinsí airgeadais agus eile teaghlaigh (m.sh. a gcoigilteas, infheistíochtaí, agus sócmhainní inréadaithe, chomh maith lena ioncam, méid a dteaghlaigh, aon chleithiúnaí eile, caiteachas míosúil, agus aon fhachtóirí ábhartha eile).

Is carthanacht é Coláiste na Rinne agus tagann an maoiniú don chúnamh airgid ó thabhartais agus ó bhuiséad oibriúcháin bliantúil an Choláiste. Tá sé thar a bheith tábhachtach mar sin go leithdháiltear na cistí teoranta atá ar fáil go freagrach, agus breithniú críochnúil a dhéanamh ar chúinsí gach teaghlach. Ba chóir a thabhairt faoi ndeara nach bhfuil dóthain airgid ag Coláiste na Rinne chun gach iarratas ar sparánachtaí a shásamh.

Tá a thuilleadh eolais ar fáil anseo.