Deireadh Seachtaine do Theaghlaigh le Gaeilge i bpáirt le Glór na nGael
Coláiste na Rinne, Gaeltacht na nDéise
Aoine 28 go Domhnach 30 Deireadh Fómhair 2016
Lóistín
- Lóistín ar fáil i dTithe sa Choláiste
- Spás codlata príobháideach do gach teaghlach
Béilí
- Freastal Iomlán – Gach béile clúdaithe.
- Bia ar ard chaighdeán & neart de ar fáil ó fhoireann na Cistine i gColáiste na Rinne.
Seomra na dTeaghlach
- Spás do na teaghlaigh teacht le chéile san oíche.
- Bréagáin, Cluichí, Tulán & Puball Spraoi, ábhair cheardaíochta & dathúcháin, srl curtha ar fáil ag Glór na nGael.
- Bricfeasta féin fhreastal & suipéar éadtrom féin fhreastal ar fáil ann gach lá.
COSTAS
PACÁISTE 1: €120 do dhuine fásta; €80 do pháiste.
Freastal iomlán. Lóistín & gach béile clúdaithe chomh maith le gach imeacht ag an deireadh seachtaine. Clárú & íocaíocht iomlán ag 6pm ar Aoine 29 Deireadh Fómhair 2016.
Éarlais €100 an teaghlaigh ag teastáil roimh ré leis an bhfoirm seo chun spás a chinntiú.
PACÁISTE 2: €80 do dhuine fásta; €50 do pháiste.
Costas do bhéiltí (dinnéar, tae, suipéar) & imeachtaí an tSathairn amháin clúdaithe:
Clárú & íocaíocht iomlán ag 10am maidin Shathairn 29 Deireadh Fómhair.
Éarlais €100 an teaghlaigh ag teastáil roimh ré leis an bhfoirm seo chun spás a chinntiú.
Rannpháirtithe & Teanga
- Teaghlaigh atá ag tógáil páistí le Gaeilge
- Teaghlaigh atá ag tógáil páistí go dátheangach leis an Ghaeilge mar cheann de na teangacha san
- Is í an Ghaeilge amháin a bheas mar theanga cumarsáide na deireadh seachtaine.
- Is gá do theaghlaigh clárú le Ghlór na nGael chun páirt a ghlacadh sa deireadh seachtaine.
Breis eolais:
Míchéal Ó Drisleáin, Coláiste na Rinne – micheal@anrinn.com nó 058-46128
nó
Cabríní de Bara, Glór na nGael – 083-4455914