Cé do a n-oirfeadh an Idirbhliain seo?

Deis ann féin é an Idirbhliana a chaitheamh sa Ghaeltacht, atá lámhdéanta do dhaltaí ag a bhfuil suim acu sa Ghaeilge agus sa chultúr Gaelach. Tá an cúrsa seo in oiriúint do dhaltaí ar mhian leo tabhairt faoi ghairm san oideachas agus réimsí gaolmhara eile nó do dhaltaí ar mhian leo tabhairt faoi roghanna eile a bhaineann le Gaeilge, ar nós na meáin, an dlí agus an iriseoireacht.

Cá mbeidh an cúrsa ar siúil?

Reáchtálfar an cúrsa i gColáiste na Rinne i nGaeltacht na nDéise. Coláiste Ghaeilge a bunaíodh sa bhliain 1905 isea Coláiste na Rinne, ag a bhfuil an t-iliomad taithí aige ar chúrsaí Ghaeilge a reáchtáil.

Fanfaidh na daltaí i gColáiste na Rinne agus is ansan a bheidh an teagasc laethúil agus na gníomhaíochtaí tar éis scoile á dhéanamh. Beidh na rannpháirtithe cláraithe mar dhaltaí de chuid Mheánscoil San Nioclás agus is an Meánscoil a dhéanfaidh comhordanáidiú ar an gClár Idirbhliana.

Cén leagan amach atá ar an gClár seachtainiúil?

Leanfaidh na Daltaí an ghnáth-chlár Idirbhliana le go leor gníomhaíochtaí seach-churaclaim.
Beidh ar dhaltaí a bheith ar an gcampas faoi 6 i.n ar an nDomhnach gach seachtain agus a bheith imithe ón gcampas roimh 4 i.n ar an Aoine.
Teagasc Acadúil: Luan go hAoine 9:00 r.n – 3:30 i.n. Déanfar an teagasc ranga acadúil i nGaeilge.
Beidh 4 seachtaine de thaithí oibre den gcampas mar chuid rí-thábhachtach den chúrsa.

Samplaí de Ghníomhaíochtaí Seach-Curaclaim
Clár Gaisce, Mion-Chomhlacht, Cúrsa Céad Cabhrach, Teanga Comharthaíochta, Braille, Aoi-Chainteoirí, Scileanna Saoil, Rannpháirtíocht Pobail, Spóirt Scoile, Ceol, Drámaíocht, Toastmasters, Ealaíona agus Ceardaíocht, Turasanna Scoile, Turasanna Thar Oíche, Ceardlanna Neartaithe Foirniúlachta (Tógáil foirne), Cúrsa Bia agus Sláinteachais, Cúrsaí Cóitseála Spóirt.

Tar éis uaireanta scoile – Spóirt: Peil; Iomáint; Camógaíocht; Leadóg; Cispheil; Sacar; Liathróid Láimhe, san áireamh. Gníomhaíochtaí laistigh agus lasmuigh, léiritheoireacht Drámaí, ranganna/ceoil/drámaíochta, ranganna gairneoireachta, ranganna naomhóige agus seoltóireachta.
(Tá sé de chead ag an gColáiste an clár a athrú de réir mar is gá).

Cén táillí a bhaineann leis an gcúrsa?

Full Board Pupil, 5 nights accommodation - All inclusive price : €6750 (payable in installments in advance) | to include - tuition, extra-curricular activities, excursions, meals, accommodation on campus (Sunday to Thursday night inclusive).

Successful applicants can secure their places by payment a deposit of €1,000 on or before May 1st (75% refundable if cancelled). Thereafter, the balance of the course fees will be due in May €1250, November €2250 and the final installment will be due in March 2017.

Cad é an próiséas iarratais?

Registration is now open online - http://bit.ly/1lJfms1
All applicants will be interviewed in an informal setting and a reference from applicants’ current school and copies of reports will also be required. The programme is suitable for students who have an interest in and working knowledge of the Irish Language and who are interested in achieving a strong Leaving Cert result.