LÉIGH ANSEO MÁS É DO THOIL É ROIMH DO CHÚRSA AR LÍNE A CHUR IN ÁIRITHE

(Leagan Béarla Anseo | English Version Here)

Tá áthas ar Choláiste na Rinne cúrsaí ar líne a chur ar fáil do dhaoine fásta, atá bunaithe ar an gclár agus ábhair TEG – Teastas Eorpach na Gaeilge.  Turas foghlama é seo atá oiriúnach do dhaoine atá ag tosnú ar Ghaeilge a fhoghlaim chomh maith le daoine atá ar an turas foghlamtha cheana.  Is maith le roinnt daoine teastas a dhéanamh agus b’fhearr le daoine eile foghlaim mar go dtaitníonn foghlaim leo.  Cuireann Coláiste na Rinne fáilte roimh gach mac léinn, iad siúd gur mhaith leo teastas a bhaint amach maraon leo siúd nach bhfuil an sprioc sin acu.

Tá tástáil le Gaelchultúr ar líne ANSEO a thógann 30 gó 40 nóiméad chun é a dhéanamh. Tabhrafaidh sé tuairim dúinn ar leibhéal an scoláire.

Le haghaidh na daoine a bhfuil suim acu dul chun cinn a dhéanamh lena gcuid Gaeilge, tugaimid cuireadh duit cúrsaí ar líne a dhéanamh linn agus teacht ansin go dtí Coláiste na Rinne anseo i nGaeltacht na nDéise chun páirt a ghlacadh in Gaeilge agus Cultúr na nDéise i mí Lúnasa.

CÚRSAÍ AR LÍNE – CLÁRAIGH ANSEO