Tá an sos ó iPhones, iPads etc. go hiontach do pháistí dhá bhliain déag d’aois agus is iontach an cáirdeas agus cuimhní atá acu dá bhárr.

Sarah

“Bhí bliain Róisín sa Rinn cosúil le bheith ina cónaí le clann eile – clann faoi leith de mhúinteoirí, tuismitheoirí tí, cúntóirí agus caomhnóirí ó phobal atá fáiscithe sa teanga Ghaeilge agus sa traidisiún Gaelach. Ní hamháin gur múineadh caighdeán árd de ábhair acadúla di ach aitheantas dá hoireacht agus an modh chun a cuid féin a dhéanamh den nGaeilge chomh maith. Múnlaíodh a cuid tallainn agus forbraíodh a scileanna saoil chomh maith”.
Lorcain

“Tá ana-áthas orm go raibh Áine sásta freastal ar Choláiste na Rinne. D’éirigh go hiontach lei agus dhein sí cáirde deasa ó gach áit in Éirinn. Tar éis bliain a chaitheamh sa Choláiste tá grá nua ag Áine do ‘n nGaeilge. Bhí an fhoireann iomlán ana-chineálta agus cabharathach lei agus d’fhoghlaim sí scileanna a rachaidh chun tairbhe di de réir mar a fhásann sí suas. Bhí Coláiste na Rinne mar a tinteán féin. A leithéid de bhliain !!!”
Michelle

““Bhí ceathrar d’ ár bpáistí sa Rinn. Ní bhaineann sé le foghlaim na Gaeilge amháin ach le neamhspleáchas a bhaint amach agus ag bualadh le cáirde nua agus dearcadh nua ar an saol a bhlaiseadh. Tá an sos ó iPhones, iPads etc. go hiontach do pháistí dhá bhliain déag d’aois agus is iontach an cáirdeas agus cuimhní atá acu dá bhárr. Tá an fhoireann cineálta agus aireach agus an smacht dian ach cóir. Tá an t-ionad cois farraige go sár-mhaith agus filleann said abhaile agus snas ar a gcraiceann. Ní scoil amháin atá sa Rinn ach blaiseadh de shaol nua”.
Sarah

“Thaitin an bhliain sa Rinn go mór le Peter agus blaiseadh de shaol nua a bhí ann dó. Tugadh isteach labhairt na Gaeilge de réir a chéile agus na páistí ag socrú síos i mbaile nua. Shíl sé gur tugadh aire mhaith dó Iigcónaí. Tá níos mó ná foghlaim na Gaeilge i gceist. B’iontach an fhorbairt a tháinig air i mórán slí – neamhspleáchas, forbairt agus cleachtadh mórán cluichí agus ag meascadh le cáirde nua ó gach áit in Éirinn. Thaitin an bia chomh mór leis nár chuir sé isteach air a bheith imithe ón mbaile.”
Bryan

“Ar fheabhas. Is dóigh liom go bhféachfaidh Éamonn siar sa todhchaí agus go ndéarfaidh sé go raibh an Coláiste lárnach i múnlú an saghas duine atá agus a bheidh ann.”
Linda

“Fuaireamar tacaíocht iontach ó mhúinteoir m’ iníne i rith na bliana agus molaim í dá réir sin. Bhí foireann na hoifige go hiontach chomh maith go mór mhór an chéad chúpla mí.”
Barbara

“Ní bhfaighinn bliain i gColáiste na Rinne a mholadh árd go leor”.
Jim and Aoife

“Molaimíd go hárd an bhliain i Scoil na Leanaí, go mór mhór do dhalta a tháinig ó scoil bheag tuaithe. Is iontach an rud é go bhfuil gach éinne nua le chéile agus go dtacaíonn said go léir le chéile. Míle buíochas.”
David and Anne

D’fhorbair m’ iníon gan aon amhras i rith na bliana agus sháraigh sí dúbhshláin mhóra. D’ullmhaigh an bhliain go maith í do mheánscoil chónaitheach.
Louise and Dave

“Sár-bhliain a bhí ann do m’ iníon. Dhein sí an oiread sin cáirde agus ta cuimhní iontacha aici ina dhiaidh. Lean ar aghaidh leis an dea-obair agus mile buíochas as gach rud”
James

“An rud is maith liom i dtaobh Choláiste na Rinne ná an fhoirm shimplí atá ar chúrsaí – gan aon chur i gcéill; ceadaítear do leanaí a bheith mar leanaí.”

“D’fhreastail ceathrar iníon linn ar an gColáiste agus molaim go mór é do dhaoine eile.100% ar fheabhas. Tá an t-oideachas fé threoir an Phríom Oide ar fheabhas chomh maith.”
Paul and Ann

“Dhein an bhliain sa Choláiste maitheas iontach d’ ár n-iníon.”
Tara

“B’iontach an tairbhe Ghaelach a bhain ár mac as an mbliain a chaith sé sa Choláiste. Maith sibh gach duine den bhfoireann.”
Patrick and Emma

Bhí bliain shuimiúi, thaitneamhach ag Steven sa Choláiste.
Philip agus Máire.

“An bia go hiontach; cosúil le hóstán”
Jim

“B’ í Julie an dara duine d’ ár gclann a bhí i Scoil na leanaí i gColáiste na Rinne. Is dóigh linn go raibh an t-oideachas trí Ghaeilge ana-dhearfa mar thaithí d’ ár mbeirt leanaí. Tá caighdeán na múinteoireachta i ngach ábhar ar fheabhas.”
Maeve and Peter

“Bhí Liam lán-tsásta ag fágaint an Choláiste agus beidh ár bpáistí eile ag freastal ar an gColáiste chomh maith”
Joseph

“Thaitin an bhliain go mór lenár n-iníon agus is maith liom go mór nach bhfuil earraí leictreonacha in úsáid ag na páistí – buntáiste ana-mhór.”
Cliona and Louis

“Mhéadaigh féin-mhuinín Jim go mór_ tháinig feabhas mór ar a chuid Gaeilge _ tá sé anois ullamh don dara leibhéal”
Mairead

“Is maith linn go mór nach mbíonn fón póca, ríomhairí etc. ag na daltaí – sin an fáth go n-éiríonn leis an áit.” Robert and Patricia

“D’fhás Seán suas go mór i rith na bliana – d’fhorbair sé agus d’éirigh sé neamhspleách – agus tá a chuid Gaeilge go hiontach chomh maith.”
Elisabeth

“Bhí bliain iontach ag Peter – d’fhoghlaim sé conas maireachtaint gan wifi, cluichí ríomhaireachta agus an fón póca. Agus dhein sé an oiread cáirde chomh maith.”
Michael and Susan