Gaeilge agus Cultúr na nDéise 2023
CLÁRAIGH ANOIS
Cúrsa seachtaine Domhnach go Domhnach is ea Gaeilge agus Cultúr na nDéise 2023 le béim ar labhairt na Gaoluinne ar mhaithe le deis a thabhairt do dhaoine misneach agus muinín a fháil ar an nGaoluinn labhartha ar láthair Gaeltachta.
Eagrófar na himeachtaí ar láthair an Choláiste.
Leibhéil
Beidh dhá leibhéil i gceist.
Bunchúrsa:
Bheadh an chúrsa seo oiriúnach do thoisitheoirí le béim ar ranganna TEG leibhéil A1 agus A2.
Meán/Ardchúrsa:
Is do dhaoine gur suim leo dul i dtaithí ar labhairt na Gaeilge nó suim acu tréan-iarracht a dhéanamh ar labhairt na Gaeilge le foclóir, nathanna cainte, canúint, seanfhocail na nDéise, comhrá, comhluadar agus craic.