Gaeltacht na nDéise

An t-aon Ghaeltacht ar chósta oir-dheisceart na hÉireann, cuirfear fáilte mhór romhat anseo

Cead Mile Fáilte Romhat

Tá Gaeltacht na nDéise lonnaithe in oir-dheisceart grianmhar na tíre, suite cois mara le radharcanna den scoth timpeall gach cúinne. Is iad An Rinn agus an Sean-Phobal an dá leathpharóiste sa Ghaeltacht bheag seo le timpeall 2,000 duine ag maireachtaint anseo. Tá cáil ar an áit don Ghaeilge ach taobh leis sin feictear grá sa cheantar don cheol agus amhránaíocht traidisiúnta a thugann beocht ar leith don dúthaigh.

Faightear seirbhísí éagsúla do chuairteoirí sa Rinn le dhá ché ann, ceann i mBaile na nGall agus in Heilbhic. Tá tránna den scoth againn chomh maith. Tá cuid den chósta seo faoi chosaint speisialta agus deiseanna go leor ag daoine gur suim leo an timpeallacht agus éanbhreathnú ach go háirithe.

Tá Coláiste na Rinne lonnaithe i gcroílár na háite, i Maoil a’ Chóirnigh.  Seo príomh-ionad an chúrsa agus beimid ag dul i measc an phobail ag freastal ar imeachtaí éagsúla agus ag blaiseadh saol na Gaeltachta.

Cuirfear fáilte mhór romhat chuig Gaeltacht na nDéise.  Tar chughainn chun draíocht na nDéise a bhlaiseadh.