Ranganna Gaeilge ar Líne

CLÁRAIGH ANOIS

Ranganna idirghníomhacha ar líne atá i gceist, á dtabhairt ag múinteoir le taitihí thar tréimhse 8 seachtaine. Maireann gach rang 90 nóiméad agus coimeádtar srian ar líon na ndaltaí i ngach rang (idir 6 – 18 duine). Bíonn neart deiseanna chun ceisteanna a chur ar an múinteoir, comhrá a chleachtadh maraon le taithí a fháil ar léamh agus scríobh na Gaeilge. Seoltar ábhar na ranganna amach roimh ré i r-phost agus tar éis an rang, cuirtear taifead den obair a deineadh ar aghaidh do na scoláirí, gné a chabhraíonn go mór leis an bhfoghlaim. Deis iontach iad na ranganna bualadh le daoine ar fud na cruinne le suim sa Ghaeilge agus sa chultúr.

Níl ag teastáil chun páirt a ghlacadh sna ranganna ach Ríomaire / Mac agus nasc leis an idirlíon.

 

FOGHLAIM AR LÍNE AGUS SA GHAELTACHT

Dóibh siúd atá ag iarraidh dul chun cinn comhsheasmhach a dhéanamh ina leibhéal inniúlachta maidir le labhairt, léamh agus scríobh na Gaeilge, fáiltímid roimh foghlaimeoirí sna ranganna ar líne freastal ar chúrsa tumoideachais Gaeilge agus Cultúr na nDéise ar champas Choláiste na Rinne sa Rinn i mí Lúnasa.