SCG | OCG

Ranganna, Lóistín, béilí agus imeachtaí ar aon láthair amháin
Dianchúrsa Gaeilge, sa Ghaeltacht, do mhúinteoirí atá ag freastal ar Chúrsa SCG (An Scrúdú le hAghaidh Cáilíochta sa Ghaeilge) nó OCG. Cúrsaí Aitheanta ag An Roinn Oideachais agus Eolaíochta atá i gceist. Tá sean taithí ag muintir an Choláiste cúrsaí a reachtáil.
Teistiméireachtaí

Cúlra – SCG | OCG  

Bíonn ranganna iontacha ar siúl gach maidin i rith na seachtaine, dírithe ar ábhar an chúrsa agus ag cabhrú le daltaí ullmhú do na scrúdaithe.

Tá taithí na mblianta ag na múinteoirí agus bíonn nótaí iontacha ann réidh do gach cuid den chúrsa seo.

Taobh leis na ranganna, seo thíos na háiseanna agus na himeachtaí iarnóna agus tráthnóna a bhíonn ar bun againn …
•Lóistín/béilí do mhic léinn – gach rud ar aon láthair amháin.
•Leachtaí/ranganna sa Choláiste
•Áiseanna an Choláiste ar fáil, wifi saor in aisce sa Choláiste.
•Imeachtaí cultúrtha/stairiúla/siamsaíochta – ón taithí againn ar na nithe seo tá sé i gceist againn leas iomlán a bhaint as ceantar na Gaeltachta. Garbh-insint anseo thíos …
•Cultúir – cainteoirí ón nGaeltacht, Coirm cheoil, turais
•Stair – An Rinn, Coláiste na Rinne, Meánscoil San Nioclás.
•Siamsa – áiseanna an Choláiste, BBQ, Siúlóidí, mic léinn na Rinne, tábhairní, Halla an Phobail &rl.
•Cluichí – Peil, Cispheil, Eitpheil, Leadóg Chúirte, Leadóg Bhoird, Ficheall, Táiplis agus cluichí neamhfhoirmiúla. Béim ar théarmaíocht na gcluichí.
•Meitheal Trá na Rinne, Criostal na Rinne, Nemeton.

DATES and BOOKINGS