Bunaithe in 1905

Cara-chumann neamhspleách
Bunaíodh Coláiste na Rinne i 1905 mar eagraíocht neamhbhrabúis le stádas carthanachta. An sprioc atá ag an gColáiste ná an Ghaeilge a chur chun cinn i réimse an oideachais.

Déan fiosrúchán

Cuspóirí
Is iad cuspóirí an Chumainn an t-oideachas a chur ar aghaidh agus, go speisialta, ‘sna modhanna seo leanas:
(a) Labhairt na Gaeilge a fhorleathnú;

(b) Scoileanna a bhunú agus a chothú, idir bhunscoileanna, mheánscoileanna agus scoileanna samhraidh nó scoileanna aon ráithe eile, maille le ranganna chun an Ghaeilge a theagasc agus chun ábhair eile a theagasc trí Ghaeilge;

(c) Cúram Coláiste chónaithe a ghabháil de láimh;

(d) Leabhair scoile agus saothair éigse agus irisleabhair i nGaeilge a fhoilsiú;

(e) Litríocht i nGaeilge na haimsire seo a fhreastal;

(f) Scoláireachtaí i gColáiste na Rinne a bhronnadh ar dhaoine a bhfuil an Ghaeilge ón gcliabhán acu;

(g) Scoláireachtaí taighde sa tSean-Ghaeilge agus sa Mheán- Ghaeilge a bhunú agus a bhronnadh;

(h) Suim a mhúscailt i gceol agus rince an tsinsir agus cabhrú le hathbheochan sean-nósanna na nGael i gcoitinne;

(i) Cabhair a thabhairt chun feabhas a chur ar shlí bheatha lucht labhartha na Gaeilge i Rinn Ó gCuanach, sna Déise;

(j) I gcoitinne, gach ní eile a dhéanamh a bhaineann nó a chabhraíonn le cuspóir de na cuspóirí réamhráite.

– RIALACHA, Coláiste na Rinne Teoranta, 1995.
Leathanach 2, Mír 4, (a) – (l)