Bígí Linn

Eispéaras cónaitheach teanga agus cultúrtha aonchineálach i gcroílár Ghaeltachta na nDéise.
CUIR IN ÁIRTHINT ANSEO
“Tá an Ghaeilge fíor-luachmhar dúinne, ní amháin toisc gurb í teanga ár n-oidhreacht agus ár stair í, ach ina theannta sin, gurb inti atá ceann den iomad slite éagsúla le maireachtáil sa saol seo, le léargas a bheith againn ar an saol sin, agus leis an saol sin a chur i bhfocail.”
Micheál D. Ó hUigínn, Uachtarán na hÉireann
Foirm Iarratais

Cé do a n-oirfeadh an Idirbhliain seo? 

Deis ann féin é an Idirbhliana a chaitheamh sa Ghaeltacht, atá lámhdéanta do dhaltaí ag a bhfuil suim acu sa Ghaeilge agus sa chultúr Gaelach. Tá an cúrsa seo in oiriúint do dhaltaí ar mhian leo tabhairt faoi ghairm san oideachas agus réimsí gaolmhara eile nó do dhaltaí ar mhian leo tabhairt faoi roghanna eile a bhaineann le Gaeilge, ar nós na meáin, an dlí agus an iriseoireacht.

Cá mbeidh an cúrsa ar siúil?

Reáchtálfar an cúrsa i gColáiste na Rinne i nGaeltacht na nDéise. Coláiste Ghaeilge a bunaíodh sa bhliain 1905 isea Coláiste na Rinne, ag a bhfuil an t-iliomad taithí aige ar chúrsaí Ghaeilge a reáchtáil. Fanfaidh na daltaí i gColáiste na Rinne agus is ansan a bheidh na gníomhaíochtaí tar éis scoile á dhéanamh. Beidh na rannpháirtithe cláraithe mar dhaltaí de chuid Mheánscoil San Nioclás agus is sa Mheánscoil a bheidh an teagasc acadúil ar siúl le linn an lea.

Cuireann Coláiste na Rinne iad seo a leanas ar fáilt:

  • timpeallacht socair agus aireach scoile cónaithe
  • deis an Ghaeilge a fhoghlaim ina shuíomh nádúrtha
  • tumadh sa Ghaeilge ag baint úsáide as cur chuige réidh agus tomhaiste, as a shíolraíonn deathorthaí , do na scoláirí

Is meánscoil lánghaelach í Meánscoil San Nioclás, a bunaíodh i 1959, atá suite míle amháin ón gColáiste, a chuireann na rudaí seo a leanas ar fáilt; 

  • Ardchaighdeán oideachais, le raon fairsing gníomhaíochtaí seach-churaclaim san áireamh
  • Clár idirbhliana chuimsithigh

Próiseas Iontrála agus Táillí

Is féidir le scoláirí clárú ar líne anois. Tabharfar cuireadh d’iarrthóirí freastal ar agallamh neamh-fhoirmiúil.

Is í €12,000 an táille uile-chuimsitheach agus is féidir í a íoc ina tráthchodanna roimh ré. Tá cóiríocht iomlán (5 oíche lóistín [Domhnach go maidin Aoine], béilte, gníomhaíochtaí seach-churaclaim agus turasanna.

Is féidir le iarrthóirí rathúla a n-áiteanna a chinntiú trí éarlais de €2,000 a íoc roimh an 1ú Bealtaine.

Breis Eolais

  • Beidh an Ghaeilge mar theanga labhartha an chúrsa (Idir ghníomhaíochtaí ranga agus seach-churaclaim) agus déanfar gach iarracht cabhrú le daltaí ar a n-aistir teanga.
  • Beidh sé de dhúlgas ag gach dalta a ghlacann páirt san idirbhliain chorraitheach seo Gaeilge a úsáid ar scoil, ar fóillíocht agus le linn turasanna den gcampas.
  • Cabhróidh cur chuige réidh agus spreagúil leis na daltaí Gaeilge a fhoghlaim.

Íoslódáil | Réamheolaire Idirbhliana