An Ghaeilge a mhúineadh agus a chur chun cinn le breis agus céad bliain
Tugadh aitheantas oifigiúil mar Scoil Shamhraidh Ghaeilge do Choláiste na Rinne sa mbliain 1907. Bhí an Coláiste ann go neamhoifigiúil ón mbliain 1903 agus Gaeilge á teagasc do chuairteoirí, a bhformhór ó Bhaile Átha Cliath. Fuair Pádraig Ó Cadhla, timire de chuid Chonradh na Gaeilge deontas i 1903 chun ranganna Gaeilge a mhúineadh agus sin mar a thosnaigh teagasc na teangan sa Rinn agus níor tháinig aon mhaolú ar an obair go dtí an lá inniu.
Sa lá atá inniu ann cuireann Coláiste na Rinne ranganna Gaeilge agus imeachtaí cultúra eile ar fáil d’fhoghlaimeóirí agus cuairteoirí de gach aois ó gach áit ar domhan.Tá clú agus cáil bainte amach ag a bhunscoil chónaitheach do dhaltaí 10 go 12, ag a chúrsaí samhraidh do dhaltaí 10 go 18 agus ag a ionad oideachais 25 acra a chuireann áiseanna ar fáil do ghrúpaí agus eagraíochtaí atá ag cothú agus ag forbairt na Gaeilge.