Tá mé ag obair i gColáiste na Rinne leis na blianta agus bainim taitneamh as an éagsúlacht oibre ó lá go lá. Tá an-ghrá agam don Ghaeilge agus tugann an post seo deis dom daoine eile a spreagadh chun an Ghaeilge a labhairt.



Máirtín, An Rinn

Cuireann sé fós faoi dhraíocht mé mar a thagann forbairt ar neamhspleáchas agus féin mhuinín na ndaltaí óga thar an bhliain. Ní hamhaín go díríonn an Coláiste ar chúrsaí oideachais ach cuirtear béim ar aibíócht na bpáistí, caidreamh a bheith eatarthu, iad a spreagadh chun a bheith ag obair as lámh a chéile. Dá thoradh san cuirtear le scileanna sóisialta na ndaltaí, scileanna a sheasfaidh dóibh sa mheánscoil agus dar ndóigh, sna blianta atá amach rompu.

Aisling, An Rinn

Bhí mé ag obair i gColáiste na Rinne leis na blianta agus bainim taitneamh as an spóirt, cluichí agus caitheamh aimsire. Tá spéis ollmhór agam sna cluichí spóirt. Is duine aclaí mé agus is maith liom na scileanna seo a mhealladh i dtreo cleachtaí sláintiúla.

Vivienne, Ceapach Chuinn

Soláthraíonn Coláiste na Rinne deis iontach chun an teanga a chothú, a fheabhsú agus a neartú. Spreagann na foghlaimeoirí i ngach leibhéal achun a gcur amach ceart a chaomhnú agus ag cabhrú chun na fuaimeanna ceart a shealbhú.

Úna, Co. Chiarraí

 Táim tar éis post a bheith agam in an-chuid rannóg sa Choláiste thar na blianta, cinnire agus tuismitheoir tí san áireamh. Tá éagsúlacht ollmhór ar fáil mar oibritheoirsa Choláiste.

Leanne, An Rinn
Is aoibhinn liom a bheith ag obair mar chinnire mar gheall ar nádúr spóirt agus sláínte an phost. Díríónn an post ar ghné sláinte agus oireann an stíl mhaireachtála seo do mo phearsantacht.

Déaglán, An Rinn

I gColáiste na Rinne tá foghlaim agus spraoi fite fuaite le chéile trí mheán na Gaeilge. Mar chinnire, is féidir liom mo scileanna spóirt a roinnt agus mo chuid gaeilge a chur chun cinn. Is slí maith é na páistí a spreagadh chun Gaeilge a labhairt. Cuirim scileanna cumarsáide, scileanna spóirt agus comhoibriú i measc na bpáistí a fhorbairt. Is fidir liom cabhrú le páistí a hullmhú don fhoghlaim ar feadh an tsaoil.

Róisín, Dún na Mainistreach

Cuirtear béim ar chomhghéilleadh trí gach uile ní an Coláiste agus gur fhág an chomh-oibriú seo lorg mór orm a mbainfidh mé úsáíd as sa todhchaí

Maureen, Tiobraid Árann