Áiseanna Taighde

Cuireann an Coláiste cead úsáide dá leabharlann staidéir nua ar fáilt do lucht an léinn, do scoláirí iarchéime agus do lucht taighde do thréimhsí socraithe nó do thréimhsí solúbtha. Is spás taighde compórdúil, geal agus nua-aimseartha ina bhfuil timpeallacht suan agus struchtúrtha í an leabharlann, atá suite in aice le leabharlann na cartlainne. Déanadh athchóiriú ar an leabharlann le déanaí le cabhair ó Chomhpháirtíocht LEADER Phort Láirge Teo. agus é feistithe le Wifi. Is féidir spásanna a chuir in áirthint faoi threoir riachtanaisí an chliaint. Is ó €200 sa mhí a bhíonn táillí táscacha.

Coláiste na Rinne - David Clynch Photography

Pacáistí Cónaitheacha

Tá lóistín agus béilte le fáilt ag taighdeoirí ar an gcampas ar chostas breise de €4​00 sa mhí. Cruthaíonn an Coláiste pacáistí in oiriúint do mhianta agus riachtanaisí na gcliant.

residential

Seirbhísí Digitithe | AITZ Pro

TRUSTED BY THE WORLD’S TOP INSTITUTIONS

Cuireann foireann oilte an Choláiste seirbhís digitiú proifisiúnta agus faoi rún go hiomlán ar fáilt, ag baint úsáide as AITZ Pro an Choláiste. Réitíonn réiteach ATIZ Pro gnáth fadhbanna a bhíonn i gceist le scanóirí lastuas: Cuaradh leathnaigh, díomáiste do dhroim leabhair agus táirgiúlacht íseal.

Úsáideann an ATIZ Pro cur chuige difriúil ar a ghlaotar réiteach V-chruthach (V-Shaped soloution). Coimeádann cliabhán leabhair V-chruthach i dtaca le plátaí coimeáda V-chruthach an leabhar ar oscailt ag uillinn neamh-strusmhar de 120 céim ionas gur féidir le dhá ceamara ard-luais, ard-idirdhealaitheach scan a dhéanamh.

Labhair Linn

ATIZ scanner (2)