An Dr Piaras de Hindeberg SJ

Port Lách agus Caisleán Ráth Fearnáin (1.12.1912 – 7.10.1982).

Tobar do-chuimsithe ba ea é ar theanga ár sinsear, agus go háirithe ar Ghaeilge na nDéise.  Bhí pearsantacht thámáilte aige, beagnach giorraisc a mheasfadh daoine ar uairibh, ach bhí sé chomh fíor agus chomh hionraic de dhuine is a casadh riamh orm.  Fear ioldánach agus ilteangach ba ea é ach ní raibh uabhar ar bith ann ná uaillmhian phearsanta.  Níor dhein sé gaisce riamh as a chéimeanna acadúla cé go ndeachaidh sé go dtí an chéim ab airde (An Dr Diarmaid Ó hAirt)
Mac ba ea Piaras do Eoin de Hindeberg agus Cáit Ní Mhurchadha. Bhí mar chúram orthu chomh maith Eibhlín (An tSiúr Cárthach) (1911-85), Brighid (Bean Uí Fhithcheallaigh) (1915-2008), Cáit (1916-98),  Risteárd (1918-21) agus Roibeárd (1920-83).  Mac dearthár ba ea Piaras don Dr Risteard de Hindeberg (1863-1916).

Hannie Turraoin agus Piaras
i mBaile na nGall sa Rinn.
(Rose Ann Foley).Dr Piaras

Óige Phiarais

Le Gaeilge a thógadh clann Eoin de Hindeberg. Ardbheidhleadóir ba ea Piaras ina óige, bua a thug sé óna athair leis. Ina dhéagóir do, bhí suim san iascaireacht aige agus san iomáint. Buachaill ildánach ba ea é, agus é lán de ghreann. Chaith sé seacht mbliana  (1917-24) ina dhalta in Scoil na Leanbh i gColáiste na Rinne, áit a raibh Míchéal Ó Cionnfhaolaidh á mhúineadh. Bhí an-tionchar ag Míchéal ar an scoláire óg. Thug sé an bhliain déanach den mbunscolaíocht i Scoil Náisiúnta Phort Lách.

D’fhreastail sé scoil chónaithe ina dhiaidh sin, Coláiste Pháirc an Uisce i bPort Láirge, meánscoil de chuid na mBráithre Críostaí i lár na cathrach, a osclaíodh in 1892.  Ba chuimhin le duine dá chomhdhaltaí blianta ina dhiaidh san é:

It was my privilege to have known Piaras from boyhood.  We were class-mates at Waterpark College.  There he was recognized as one of outstanding ability, not only in Irish, which was bred in him and nurtured in infancy, but in the Classics and in all other subjects (Matthew Meade S.J. 1983).

Oideachas Ollscoile

Tar éis do Phiaras an chéim BA sa Léann Ceilteach a bhaint amach i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, ghaibh sé, i 1937, Scoláireacht Taistil na hOllscoile Náisiúnta, ceann de dhá scoláireacht a bhronnadh an bhliain sin: ar Thomás Ó Máille (1904-90), Coláiste na hOllscoile, Gaillimh, a bhronnadh an ceann eile. Cheadaíodh do an Scoláireacht Taistil a chur siar go ceann trí bliana. I ndeireadh thiar, áfach, bhí air a chuid staidéir a dhéanamh in Éirinn toisc go raibh an Dara Cogadh Domhanda tar éis briseadh amach, agus, i bhFómhar na bliana 1940, chláraigh sé in Ollscoil na Gaillimhe don chúrsa Ph.D (sna Dána).  An tOllamh Ó Cadhla a bhí mar stiúrthóir. Is i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, a chríochnaigh sé an Ph.D, céim a bhain sé amach i  1944.

Diagacht

Chuaigh Piaras isteach i gCumann Íosa an 3 Meán Fómhair 1930 agus ghlac móideanna an 4 Meán Fómhair 1932.  In Ioma, Co. Laoise, a chaith sé an dá bhliain nóibhíseachta sin, in ionad a bhí ag  an Ord ann (“Emo Court”) ó 1930 anuas go dtí 1969.  Sa tréimhse ó Dheireadh Fómhair 1937 anuas go dtí tús na bliana 1939, bhí Piaras ag Maison St Louis, Oileán Geirsí, i mbun staidéir ar an bhfealsúnacht.  Bhí Íosánaigh Gheirsí fé stiúir Phroibhinse na Fraince an uair sin. Chuir an Dara Cogadh Domhanda isteach ar a chúrsa léinn, áfach, agus chaith sé an bhliain 1939 i dTulach Beag, Raithean, Uíbh Fháilí.  Ar feadh na tréimhse 1943-7 bhí Piaras ag gabháil don diagacht i bPáirc Bhaile an Mhuilinn, Baile Átha Cliath, agus rinneadh sagart de an 31 Iúil 1946.  Ba é Ard-Easpag Átha Cliath, an Dr J. C. McQuaid, a bhronn ord sagairt air.

Meánscoil San Nioclás, 1959

Oideachasóir ba ea an Dr Piaras. Thug sé blianta fada ag teagasc i scoileana éagsúla de chuid Chumainn Íosa, agus thuig sé a thábhachtaí a bhí oideachas, go háirithe oideachas trí Ghaeilge. An Mheánscoil lánGhaeilge a bhí sa Rinn sa tréimhse 1906 go dtí 1918, bhí sí dulta i léig. Ba léir do Phiaras gur cheart í a athbhunú. Ag cruinniú de chuid Choláiste na Rinne i 1958, beartaíodh go ndéanfaí amhlaidh. Ba é Piaras a bhí ina chéad Chathaoirleach ar an Meánscoil nua, Meánscoil San Nioclás.

Seo mar a labhair Nioclás Mac Craith ag comóradh caoga bliain na Meánscoile, an 3 Deireadh Fómhair 2009, is é ag trácht ar Phiaras, tionnscantóir na Scoile:

Tá mór-éacht agus mór-ghaisce agus mór-shaothar á chomóradh againn anso inniu, leath-chéad bhliain tar éis a chur san i ngnímh.  Muintir na Rinne, Muintir an tSean-Phobail agus Muintir na hAirde Móire, ’s iad a chuir an t-éacht san i gcrích: éacht gurbh é an Dr Piaras Oirmh. de Hindeberg a bheartaigh agus a rianaigh an ród chuige (An Linn Bhuí (LB) 14, 92).

Scoil an tSeachtar Laoch

Bhain an dara togra oideachasúil a raibh an Dr Piaras páirteach ann leis an mbunscolaíocht lánGhaeilge.  Thart fá 1970, tháinig grúpa tuismitheoirí le chéile i gceantar Bhaile Munna i mBaile Átha Cliath agus é mar aidhm acu Gaelscoil a bhunú ann.  Bhí Piaras an-ghníomhach sa bhfeachtas a chuireadh ar bun agus thug lán-tacaíocht do iarrachtaí na dtuismitheoirí. Fuarthas cead ar deireadh an scoil a bhunú, Scoil an tSeachtar Laoch.  Chaith Piaras féin tamall ag múineadh sa scoil sna laethanta tosaigh.

Saothar Phiarais: na taifeadtaí fuaime

Thug Piaras a shaol ag saothrú i ngort na Gaelainne:

Ba í an Ghaeilge teanga dhúchais Phiarais.  Teanga “éigeantacht” riamh aige ba ea an Béarla.  An té nár thuig é sin, ba dheacair dó Piaras a thuiscint.  Ní hamhlaidh nach raibh meas aige ar an mBéarla mar theanga agus an lán atá ann.  Bhí go deimhin.  Ach scéal eile ar fad ba ea ceannas na teanga sin in Éirinn.  Maidir leis an ngrá a bhí aige don Ghaeilge agus d’Éirinn, bhain sin, mar a deireadh sé go minic, leis an gceathrú aithne d’aitheanta Dé – Tabhair do d’athair agus do do mháthair onóir.  Ní ghéilleadh sé – agus bhí sin de réir Bunreachta na tíre – ach go raibh an uile cheart ag an nGaeilge (Diarmaid Ó Laoghaire SJ 1983).

I ndiaidh do an chéim dochtúireachta, a bhí bunaithe ar `Orthaí na hÉireann’, a thuilleamh, níor thráigh a spéis i gcúrsaí léinn. Lean sé air ag taighde ar shaíocht na ndaoine, agus ag cnuasach eolais i measc an phobail, go háirithe pobal na nDéise. In aiste dar teideal `Seanchas as Dúithche Paorach’ in Béaloideas 13 (1943) 238-53, d’fhoilsigh sé seanchas a bhreac Tomás Ó Caoimh (Coláiste Naomh Eoin, Port Láirge) thimpeall 1905 ó Mhártan Ó Colmáin as Paróiste na Cille i bPaorachaibh, a bhí 80 bliain d’aois san am san.

Lean Piaras air ina dhiaidh sin ag bailiú seanchais ar fuaid na tíre, i gCorcaigh, i gCiarraí, i Luimneach, sa nGaillimh agus i dTír Conaill.  Formhór dár bhailigh sé, áfach, is leis na Déise a bhaineann sé. I 1963, chas sé le Máire Ní Chaoimh Bean Bhré, a mhair i gCnoc na Faille, gairid do Mheilearaí, Co. Phort Láirge. Thuig sé láithreach go raibh bua na cainte, na scéalaíochta agus na filíochta aici, agus go raibh eolas seanda aici a bhí ag dul i bhfad siar. Thóg sé breis agus céad caoga uair an chloig cainte uaithi, duine de chainteoirí deireanacha Gaeilge na dúiche sin.

Is sa Rinn agus sa Seanphobal, agus sna ceantair máguaird, is mó a bhailigh sé sna blianta ó 1971 go dtí 1981.  Tá 523 uair an chloig cainte sa chuid seo den chnuasach, agus na cainteoirí ab fhearr a bhí sa dúiche, idir fhir is mhná, le haireachtaint ann. Cnuasach is ea é atá thar a bheith luachmhar: tá scéalta, seanchas, stair, amhráin, filíocht agus mórchuid adhbhair eile ann. Gheibhtear léargas ann ar Ghaelainn na nDéise, agus eolas doimhin ar shaíocht agus ar mheon an phobail dar díobh é.  Tá adhbhar taighde agus machnaimh go ceann i bhfad ann.

Na scríbhinní

An oidhreacht scríofa ilghnéitheach a d’fhág an Dr Piaras againn, is é is mó atá ann ná cnuasach téarmaí agus focal a bhreac sé síos in imeacht na mblian agus é i mbun taighde le cainteoirí Gaelainne, cainteoirí na nDéise ach go háirithe. Sa taighde do, ba nós leis téarmaí is nathanna suaitheansacha a dh’airigh sé a bhreacadh síos, á scríobh ar pé blúire páipéir a bheadh in aice láimhe agus a dhéanfadh cúis ar ala na huaire: giotaí beaga de nuachtáin, cúil na gceangaltán ar bharraí seacláide, nó boscaí toitíní. Tá breis agus céad míle nóta sa tiomsú san uaidh agus saibhreas Ghaeilge  na nDéise i dtaisce ann.   Is in Acadamh Ríoga na hÉireann atá an cnuasach seo faoi láthair, ag fanacht le mac léinn a dhéanfaidh eagrú orthu.

D’éag an Dr Piaras an 7 Deireadh Fómhair 1982 agus adhlacadh é in ionad na nÍosánach i Reilig Ghlas Naíon, Baile Átha Cliath.

Céad slán leat a Phiarais ón dtaobh seo,
Gura fada bheidh buan,
An mheanma do scaipis led thréithe,
Led intinn gheal shuairc;
Go soillsí do mhian i measc Gaela
Sa nGleann seo go fóill,
Go lastar an solas id dhéidhse,
Go scaiptear an ceo;
Go leatar an spiorad thar Éire,
Go múchtar an brón,
Go ndéantar an ní atá dodhéanta,
Go bhfaighmíd an treoir,
An chuideachta dob áil linn le chéile
A chur síos go cóir.

Céad slán ar do shlí dhuit a Phiarais,
A shagairt d’fhuil Ghael,
Led gháire bog éadrom croíléiseach,
Ag gealadh ar do raon;
Ag cuardach an tseanshaoil ba mhian leat,
Go bhfaighe tú do rún,
Ansiúd thall le fíréin na nDéise,
Faoi shíocháin go buan.

(An Dr Diarmaid Ó hAirt)