This is a Monday to Friday residential programme with students being accommodated on campus from Sunday evening until Friday at 4pm. All students participating in this exciting Transition Year programme will be required to use Irish at school, at leisure and during off campus excursions.
TY FAQs

Click Image below…..

Fáilte | Welcome

Tá sé i gceist ag Coláiste na Rinne Cúrsa Idirbhliana a reáchtáil do scoilbhliain 2023/24. Cúrsa cónaithe ar feadh bliana, cúig lá Luan go hAoine, a bheidh ann. Reáchtálfar an cúrsa ar bhonn comhpháirtíochta idir Coláiste na Rinne agus Meánscoil San Nioclás, an mheánscoil áitiúil i nGaeltacht na nDéise.

Deis ann féin é an t-idirbhliain a chaitheamh sa Ghaeltacht. Oireann an cúrsa seo do dhaltaí a bhfuil suim acu sa Ghaeilge agus sa chultúr Gaelach. Tá an cúrsa seo in oiriúint do dhaltaí ar mhian leo tabhairt faoi ghairm sna hearnálacha ina mbíonn líofacht sa Ghaeilge ina bhuntáiste, mar shampla: oideachas, na meáin, an dlí, seirbhís poiblí, agus iriseoireacht.

Beidh daltaí chónaithe cláraithe mar dhaltaí de chuid Mheánscoil San Nioclás agus beidh siad ag freastal ar chlár idirbhliana na Meánscoile in éineacht le daltaí áitiúla. Bíonn ar na rannpháirtithe ar fad Gaeilge a labhairt ar scoil, i rith am saor, agus le linn turais.

Coláiste na Rinne is offering a Transition Year Course for the full academic year 2023/24. This is a 5 day, Monday to Friday residential programme. The programme is delivered on a collaborative basis between Coláiste na Rinne and Meánscoil San Nioclás, the local secondary school in the Waterford Gaeltacht.

This course offers a unique opportunity to spend a year in the Gaeltacht and is ideal for students who are interested in the Irish language and Irish culture. The course is particularly suited to students wishing to pursue a career where fluency in the Irish language is an asset, in such fields as education, media, law, public service, and journalism.

Boarding students will be registered as students of Meánscoil San Nioclás and will attend the transition year programme there in the company of local students. Students participating in the transition year programme will be required to use Irish at all times including: at school, at leisure and during off-campus excursions.

Stair | History

Coláiste Ghaeilge is ea Coláiste na Rinne a bunaíodh sa bhliain 1905, ag a bhfuil an t-iliomad taithí aige ar chúrsaí Ghaeilge a reáchtáil.

Bhí an Coláiste ann go neamhoifigiúil ón mbliain 1903 agus Gaeilge á teagasc do chuairteoirí, a bhformhór ó Bhaile Átha Cliath. Fuair Pádraig Ó Cadhla, timire de chuid Chonradh na Gaeilge deontas i 1903 chun ranganna Gaeilge a mhúineadh. Sin mar a thosaigh teagasc na teangan sa Rinn agus níor tháinig aon mhaolú ar an obair ó shin i leith.

Ionad oideachais ar 25 acra atá i gColáiste na Rinne sa lá atá inniu ann. Cuireann Coláiste na Rinne ranganna Gaeilge agus imeachtaí cultúra eile ar fáil d’fhoghlaimeóirí agus cuairteoirí de gach aois agus ó gach áit ar domhan.

Coláiste na Rinne was established in 1905 and has built up a wide range of experience in organising Irish language courses ever since.

The Coláiste was informally established by popular demand in 1903 when visitors to the area, largely from Dublin, displayed an interest in learning Irish. Pádraig Ó Cadhla, an organiser for Conradh na Gaeilge secured a grant to establish summer classes in 1903 and from there the teaching of Irish in Gaeltacht na nDéise began and has continued to flourish to this day.

Today Coláiste na Rinne, standing on a 25 acre campus, is a centre for education. It offers a wide range of classes and cultural experiences to learners and visitors of all ages, from all over the world.

An Dara Baile | Home from Home

Beidh na rannpháirtithe ag cur fúthu achar gairid ó Mheánscoil San Nioclás ar champas Choláiste na Rinne tráthnóna Domhnaigh go dtí 1i.n. ar an Aoine. Is sa Choláiste a bheidh lóistín, béilte, agus gníomhaíochtaí tar éis scoile ag na scoláirí chónaithe.

Fanann na scoláirí i suanliosanna, buachaillí ar úrlár amháin agus cailíní ar úrlár eile. Bíonn na suanliosanna roinnte i rannóga níos lú le beirt ag roinnt cillín le chéile, le dhá leaba singil, taisceadán agus vardrús. Tógann na scoláirí a gcuid póstéirí, grianghraif agus ábhair eile ón mbaile, a chabhraíonn leo ‘baile ón mbaile’ a chruthú.

Tá bia sláintiúil an-tábhachtach dúinn i gColáiste na Rinne agus chuige sin aimsítear an bia go háitiúil agus déantar an chócaireacht go laethúil i gcistin an Choláiste.

Cruthaítear cairdeas anseo i gColáiste na Rinne. Tagann fás agus forbairt ar scoláirí tar éis bliaina a chaitheamh i nGaeltacht na nDéise.

Course participants will reside a short distance from Meánscoil San Nioclás at the Coláiste na Rinne campus from Sunday evening until Friday at 1pm. Students will have their accommodation, meals, and after-school activities in Coláiste na Rinne.

Students are accommodated in dormitories, with boys on one floor and girls on another. The dormitories are divided into smaller units with two sharing a cubicle with two single beds, locker, and wardrobe. Students bring their own pictures, posters, and other materials from home, helping them to create a “home away from home” for themselves within Coláiste na Rinne.

Healthy food is very important to us at Coláiste na Rinne. Ingredients are sourced locally and meals are prepared freshly each day on site. Menus are frequently rotated and we also cater for the specific dietary needs of our students.

Students forge special friendships during the course of this formative year – many of which last a lifetime.

Meánscoil San Nioclás

Is iar-bhunscoil lán-Ghaelach Ghaeltachta í Meánscoil San Nioclás a chuireann Gaoluinn na nDéise chun chinn comh maith leis na traidisiúin a gabhann leis.

Tá Meánscoil San Nioclás faoi phátrúnacht Bhord Oideachais agus Oiliúna Phort Láirge agus Loch Garman. Cuirtear béim ar léargas na gcroí luachanna; barr feabhais san oideachas, cúram, comhionannas, pobal, agus meas sa scoil a chur chun cinn.

Bíonn na daltaí lárnach i ngach a dhéantar sa scoil agus toisc gur meánscoil bheag í bíonn deis buanna gach aon dalta a chéiliúradh. Déantar gach iarracht daltaí a spreagadh chun páirt a ghlacadh go fuinniúil in eachtraí scoile a bhíonn ar siúl idir spórt agus ceol go dtí an cúrsa leathan folláine atá ar fáil dóibh ionas go mbeidh oideachas iomlán saibhir acu.

Clár cuimsitheach, taitneamhach, fuinniúil, gníomhach, spleodrach is ea Idirbhliain Mheánscoil San Nioclás. Tugann sé deis do dhaltaí blaiseadh a fháil ar ábhair nuálaíochta agus a fhorbraíonn iad do shaoil an ionad oibre.

Meánscoil San Nioclás is an Irish-medium Gaeltacht secondary school which places the Déise dialect and traditions at the heart of the school activities.

Meánscoil San Nioclás is under the patronage of the Waterford and Wexford Education and Training Board and the core values of educational excellence, care, equality, and respect are central to the school.

The students are central to everything that happens in the school. It is a small school and therefore we have the opportunity to cherish the talents of every student. Every effort is made to inspire students to engage energetically in the various school activities from sport, music, and the wide ranging wellbeing course that is available to ensure the students have a rich education.

Meánscoil San Nioclás transition year programme is a comprehensive, enjoyable, energetic, active course that affords students the opportunity to engage with new experiences which helps prepare them for their future working lives.

Teagasc Acadúil | Academic Tuition

Déanfar teagasc acadúil sa rang trí mheán na Gaeilge ó Luan go hAoine. Is í an Ghaeilge teanga labhartha an chúrsa (sa seomra ranga agus i ngach áit lasmuigh de). Déantar gach iarracht tacaíocht a chur ar fáil don scoláire leis an aistear foghlama teanga seo.

Tá ceithre seachtain de thaithí oibre, coicís le linn tearma 1 agus coicís eile le linn tearma 2, taobh amuigh den gcampas mar chuid riachtanach den gcúrsa (ní bhíonn lóistín ar fáil le linn an taithí oibre).

Beidh roinnt ceardlanna éagsúla mar chuid den gcúrsa.

Academic classroom tuition will be conducted through the medium of Irish from Monday to Friday. Irish will be the spoken language of the course including classroom and extra-curricular activities. Every effort will be made to help the students on their language journey.

Four weeks of work placement off-campus, including two weeks during term 1 and a further two weeks during term 2 is an essential component of the course (on-campus accommodation is not included during the four weeks of work experience).

The course will include a number of workshops.

Clár Laethúil | Daily Timetable

8:00r.n.          Bricfeasta
9:00r.n.          Ranganna (3 thréimhse)
11:00r.n.         Briseadh (15 nóiméad)
11:15r.n.          Ranganna (3 thréimhse)
1:00i.n.           Lón (30 nóiméad)
1:30i.n.           Ranganna (3 thréimhse)
4:00i.n.          Gníomhachtaí Iarscoile
5:30i.n.           Dinnéar (60 nóiméad)
6:30i.n.           Gníomhachtaí / Imeachtaí
8:00i.n.           Am Gutháin
9:00i.n.           Tae
10:00i.n.         Filleadh ar an Lóistín

8:00am            Breakfast
9:00am            Classes (3 periods)
11:00am          Break (15 minutes)
11:15am           Classes (3 periods)
1:00pm            Lunch (30 minutes)
1:30pm            Class (3 periods)
4:00pm            Afterschool activities
5:30pm            Dinner (60 minutes)
6:30pm            Project Work / Activities
8:00pm            Phone Time
9:00pm            Tea
10:00pm          Return to accommodation

Clár Seach-Churaclaim | Extra-Curricular Activities

Leis na cianta tá cáil amhránaíochta ar an sean-nós agus ar an gceol traidisiúnta ar cheantar na nDéise. Aithníonn an Mheánscoil an tábhacht go gcoimeádfar greim ar thobar saibhir gaelach ár t-sinsear. Tuigtear leis tábhacht na folláine i saol an duine óig. Leagtar béim ar spórt chun tacú le meabhairshláinte, dearcadh dearfach ar an bhfoghlaim, agus conas déileáil le constaicí an tsaoil.

Seo thíos sampla de na gníomhachtaí a bhí ar siúl i mbliana:

  • Mioncomhlacht a fhorbairt
  • Gradam Gaisce
  • Techspace: Tionscnamh Róbó
  • Turais: Trá Bholgan, Gleann na hUidhre, Inis Píce agus Páirc Fiadhúlra Fota, Réaltlann na Dúcharraige, Páirc Thaiscéalaíochta Chaisleán an Chomair, Rian Glas na nDéise.
  • Ceardlanna: FIlíocht, Drumadóireacht, DSPCA, Bodhrán, Podchraoltaí le Radió na Gaeltachta, Dealbhóireacht, Garchabhair, Féinchosaint, Óga Yoga.
  • Céad Taibhiú SETU agus NemetonTV den gCúrsa Iarchéime Ard Dioplóma Léirithe Teilifíse i bpictúrlann Dún Garbhan.

For many years Gaeltacht na nDéise has been renowned for its traditional music and Sean-Nós singing. The Meánscoil recognises the importance of holding onto this rich ancestral tradition of Gaelic culture. We also understand the importance of well-being in the life of young people, focusing on sport to support mental health, developing a positive outlook on learning, and helping to overcome life’s challenges.

Below is an example of the activities undertaken this year:

  • Mini-company development
  • Gaisce Awards
  • Techspace: Robot Project
  • Excursions: Trabolgan, Nire Valley, Fota Wildlife Park, Blackrock Observatory, Castlecomer Discovery Park, Waterford Greenway.
  • Workshops: Poetry, Drumming, DSPCA, Bodhrán, Podcasting with Radió na Gaeltachta, Self Defense, Sculpture, First Aid Course, Óga Yoga.
  • Attendance at the Premiere of the SETU and NemetonTV Higher Diploma in Television and Media Production Course in Dungarvan cinema.

Clár Iarscoile | Afterschool Programme

Tuigimid an tábhacht a bhaineann le clár cuimsitheach cluichí agus caitheamh aimsire spreagúil a bheith eagraithe do dhaoine óga. Déantar gach iarracht cabhrú leis na scoláirí ard-taitneamh a bhaint as na himeachtaí agus dul chun cinn a dhéanamh go pearsanta sna cluichí.

Spóirt sa Choláiste:

  • Peil;
  • Iomáint;
  • Camógaíocht;
  • Leadóg;
  • Cispheil;
  • Eitpheil;
  • Sacar;
  • Liathróid Láimhe;

Ceardlainne agus Imeachtaí:

  • Féin chosaint, Cócaireacht, HACCP;
  • Ceol, rince, agus drámaíocht;
  • Obair carthanachta, surfáil, Íoga, Aoichainteoirí;
  • Bingo Loco, Junk Kouture.

Tá sé de chead ag an gColáiste an clár a athrú de réir mar is gá.

We recognise the importance of organised, creative, and stimulating leisure time. With this in mind our whole concept of cluichí agus caitheamh aimsire is based on full participation by all our students. Every effort is made to encourage the students to realise their own potential through recreational pursuits.

On-campus sports:

  • Football;
  • Hurling;
  • Camogie;
  • Tennis;
  • Basketball;
  • Volleyball;
  • Soccer;
  • Handball;

Workshops and activities include:

  • Self Defence, Cookery, HACCP;
  • Classes in dance, music and drama;
  • Charity Work, Surfing, Yoga, Guest Speakers;
  • Bingo Loco, Junk Kouture.

The Coláiste may alter the programme as necessary.

Iarratas | Application

Iarrtar ar theaghlaigh ar spéis leo sa chúrsa idirbhliana foirm a líonadh isteach, ar fáil ANSEO. Tabharfar cuireadh chun agallaimh d’iarrthóirí oiriúnacha.

Interested families are invited to complete an expression of interest form, available HERE. Suitable applicants will be invited to attend for interview.

Táille | Course Fee

Is é an táille don bhliain iomlán 2023/24 Cúrsa Idirbhliana ná €12,000, gníomhachtaí agus turais iarscoile, béiltí, agus lóistín ar an gcampas Domhnach go maidin Aoine san áireamh.

Féadfaidh iarrthóirí ráthúla áit ar an gcúrsa a dhearbhú ach earlais €2,000 a íoc faoi deireadh Aibreán roimh thús na bliana acadúla (aisíoc 50% ar fáil sa chás go bhfuil an áit curtha ar ceal). Beidh leath den fuíollach (€5,000) dlite roimh Meán Fómhair, agus an tarna leath dlite i Mí na Nollag.

Beidh táille €800 le n-íoc díreach le Meánscoil San Nioclás.

Beidh taisteal ar fáil gach deireadh seachtaine dóibh siúd a bheidh ag iarraidh leas a bhaint as. Beidh táille roghnach de €1,200 in aghaidh an téarma i gceist.

The fee for the 2023/24 full Transition Year course is €12,000, inclusive of after school activities and excursions, meals, and accommodation on campus (Sunday night to Friday morning).

Successful applicants can secure their places by paying a deposit of €2,000 before the end of April prior to the academic year in question (50% refundable if cancelled). Thereafter, half of the balance of the course fees (€5,000) will be due before September and the second half will be due in December.

A fee of €800 is payable directly to Meánscoil San Nioclás.

Transport is available every weekend to those who wish to avail of it. An optional transport fee of €1,200 per term will apply.