Is iontach an rúd é ábhair foghlama a fháil roimh cúrsa agus taifeadadh ranga a bheith ar fáil leis, chun dul siar ar an obair a deineadh.

Getting the materials in advance and the recording of the class each week to look back on is invaluable.

D'éirigh mé níos muiníní de réir mar a ghluais na ranganna ar aghaidh. Thug mé faoi ndeara nach raibh dearmad déanta agam ar an nGaeilge a d'fhoghlaim mé ar scoil agus chuir sé sin áthas orm.

I gained confidence to continue learning Irish and was pleasantly surprised how much I remembered of my school Irish.

Tá feabhás tágtha ar m'fhoghraíocht, nuair a bhím ag léamh ach go háirithe. Tá tuiscint níos fearr agam ar an ngramadach agus ar na rialacha gramadaí - séimhiú agus urú ach go háirithe.

My pronunciation has improved and I’m not struggling as much when reading. The grammar has been helpful too. I’m learning to recognize why certain things (séimhiú/ urú) happen and the rules for it. It makes more sense to me.

Ceapaim gur tháinig feabhas an-mhór orm maidir le cúrsaí tuisceana is foghlama. Tá áthas orm freisin, go mbeidh mé in ann leanúint ar aghaidh leis an múinteoir céanna ó mhí Aibreáin amach.

I improved a great deal both understanding and speaking. These are my biggest challenges. I am really glad that I will continue to learn from April with the same teacher.

Bhí rud faoi leith a rinne an-imprisean orm - am meas a bhí ag daoine, ní hamháin Éireannaigh, ach daoine ó thíortha eile ar an nGaeilge.

It's very interesting to see the interest in the Irish language from people in so many places, not just Ireland.

Thaitin an cúrsa liom i ngach uile shlí agus táim ag súil go mór leis an gcéad ceann eile. Bhain mé taitneamh ach go háirithe as an gcomhrá..

I honestly enjoyed everything about the course & look forward to the next one. I really enjoyed the comhrá, conversation.

Thaitin sé liom go mór go ndearna an múinteoir athbhreithniú. Thaitin sé go mór liom leis, bheith ag éisteacht le fuaimniú na bhfocal. Ba dhúshlán mór dom páirt a ghlacadh sa chomhrá ach bhain mé an-taitneamh as de réir mar a lean an rang ar aghaidh. Bhí an múinteoir an-fhoighneach.

I liked the way the teacher did the review each week. I enjoyed the reading, especially listening to pronunciation. As we got more and more into conversation, although it became most challenging for me. I enjoyed that. The teacher is so patient!

B'iontach an rud é réamhnótaí a bheith ar fáil mar bhí mé in ann athbhreithniú a dhéanamh, míniú focal a lorg agus ceisteanna a bheith réidh agam roimh na ranganna.

Having the class materials in advance was extremely helpful to me because it allowed me to review, look up words I didn’t know, and see if I had any questions before attending class.

Bhain mé taitneamh as an gcúrsa. Ba shoiléir gur éirigh go geal leis. Chríochnaigh gach duine an cúrsa. Níor éirigh aon duine as.

I really enjoyed the course and it was a great success all round which is clear from the virtually zero drop out rate.

Tá an réamhchúrsa déanta agam anois. Molaim d'aon duine a bhfuil spéis aige / aici tosú ar an teanga a fhoghlaim nó ag iarraidh snas a chur ar a chuid/ a cuid Gaeilge, tabhairt faoi chúrsa mar seo. Ceégo bhfuil leabhair agus cúrsaí cluastuisceana ar fáil, is iontach an rud é bheith in ann bheith ag comhrá a bheith agat le mic léinn agus foghlaimeoirí eile.

Having done the introductory course, I recommend it to anyone with an interest in getting started with the language or improving the knowledge they already have, especially if they are a little rusty. while there are many books and audio courses out there, live interaction is a great addition to the arsenal of learning materials